Méid an Téacs

Daidí na Nollag le Gaeilge ar fáil

Samhain 12, 2013

Féach thíos nóta ó Billy – Daidí na Nollag le Gaeilge!

An bhfuil sibh ag lorg ‘ionadaí’ Daidí na Nollag (a bhfuil Gaeilge aige) chun cuairt a thabhairt ar scoil i mbliana? Tá taithí maith agam san ‘ról’ sin ar son chumainn na náitritheoirí i dTír an Iúir i rith na blianta. Anuraidh, rinne mé Daidí na Nollag i nGaelscoil Cholmcille, An Chúlóg, BAC 9 agus, thíos, tá moladh an phríomhoide le léamh.

Táille = saor in aisce do ghaelscoileanna (is iar-mhúinteoir mé atá éirithe as anois agus bainim a lán taithneamh as ról mar seo. Mar sin déanann costas beag an gnó – i gcomhair taistil, &re)

Má tá suim agat, tig leat glaoch orm ar uimhir 087 26 46 484 (nó scríobh ar ais chugam ag billydunne47@gmail.com), le dátaí éagsúla ab fhearr leat. Déanfaidh mé mo dhicheall cabhrú leat in a dhiaidh.

Nollaig shona!

Billy Fitzpatrick
Fón: +353 -1-490 1795 & 087 2646 484
billydunne47@gmail.com
31 Páirc Ghoirt na Fuinseoige,
Tír an Iúir, BAC 6W

Teistiméireacht:

Bhí Billy Fitzpatrick mar Dhaidí na Nollag linn an Nollaig seo caite i 2012. Bhí sé thar barr ar fad leis na páistí. Tá Gaeilge iontach aige agus tá a chúlra mar Mhúinteoir scoile feiceálach ins an mbealach gur labhair sé agus a réitigh leis na páistí. Rinne sé amhrán leis na ranganna difriúla agus bhain chuile dhuine an-taitneamh as. Mholfainn go hard é dá mbeadh Daidí na Nollag uait.
Is féidir glaoch orm ag (01) 8940440 má tá ceist ar bíth.

Le meas agus buíochas,
Sandra Ní Gharbháin, Príomhoide, Gaelscoil Cholmcille