Méid an Téacs

Daltaí an Chaisleáin ar BBC

Feabhra 12, 2018

Coinnigí súil amach don tsraith nua faoi bhunú Ghaelcholáiste Dhoire. Beidh an chéad chlár á craoladh ar an 12 Feabhra ag 10.00i.n ar BBC2. Chaith criú scannánaíochta ó LIGID dhá bhliain ag leanstan an scoilphobail fríd na dúshláin agus na buanna a bhí ag an scoil ó bunaíodh í. Más suim leat an Gaeloideachas beidh dúil agat in “Daltaí an Chaisleáin”.

Is sraith nua ó BBC Gaeilge é Daltaí an Chaisleáin, a dhíríonn ar na daoine a ndearna a dtiomantas scoil nua-aoiseach de chaisleán meánaoiseach.

Le 500 bliain anuas, tá Caisleán Dhún Geimhin ina sheasamh ag bun na Speiríní. Is mar theach sinseartha mhuintir Chatháin a tógadh é, ach is iomaí craiceann a chuir sé de thar na blianta, lena n-áirítear áit chónaithe d’Arm SAM le linn an Dara Cogadh Domhanda, halla damhsa agus ceoil sna 1950idí agus 1960idí (a raibh Tom Jones agus Engelbert Humperdinck agus a lán eile ar an ardán ann) agus óstán boutique go dtí 2014.

Anois, a bhuíochas sin do phobal diongbháilte áitiúil agus do choiste deonach díograiseach, tá feidhm úr ag an fhoirgneamh thaibhseach seo, mar Ghaelcholáiste Dhoire – an chéad iar-bhunscoil Ghaeilge neamhspleách i suíomh tuaithe sa tuaisceart.

Cuireann muid aithne ar mhuintir na háite a bhí freagrach as an mhórathrú seo, ar an phríomhoide dhíograiseach agus ar a fhoireann, agus ar na daltaí fosta, atá iontach sásta leis an scoil úr neamhghnách seo, a bhfuil an oiread sin dúile acu inti go dtugann cuid acu an leasainm ‘Hogwarts’ uirthi.

Sa chéad chlár den tsraith, tugtar léargas dúinn ar reáchtáil laethúil Ghaelcholáiste Dhoire, chomh maith le saol baile agus saol sóisialta na ndaltaí.
Cuireann muid aithne ar Fherdia, feirmeoir, ar breá leis aire a thabhairt don phór neamhchoitianta eallaigh atá aige, ar Sé Óg, ábhar churadh na hÉireann mar thiománaí i rásaíocht na gcairtíní, agus Erin, cláirseoir éirimiúil óg.

I gclár a dó, cuireann muid aithne ar Ruairí, dalta ‘nua’ atá páirteach san fhoireann díospóireachta agus atá réidh a chuid argóintí a chur trasna sa chéad bhabhta de chomórtas díospóireachta Ghael Linn.

Déantar an fhoireann Eolaithe Óga a roghnú le páirt a ghlacadh i dtaispeántas san RDS i mBaile Átha Cliath, agus tá cór na scoile san iomaíocht i gComórtas Chór Idirnáisiúnta na Bliana.

Ach más mór na dúshláin sin, tá dúshláin dá gcuid féin le sárú ag Bord na nGobharnóirí, atá ar lorg maoiniú ón Údarás Oideachais le seomraí ranga úra a thógáil le freastal ar na daltaí úra.

Is é Ligid TV a rinne Daltaí an Chaisleáin do BBC Gaeilge, le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge.