Méid an Téacs

Daonscoil na Mumhan 2012

Lúnasa 10, 2012

Beidh Daonscoil na Mumhan ar siúl i mbliana ó 19-24 Lúnasa i gColáiste na Rinne,  Rinn Ó gCuanach, Co. Phort Láirge.  Tá an daonscoil ag ceiliúradh 60 bliain ar an bhfód i mbliana.
Is é téama: na bliana seo ná “is mór idir inné agus inniu’
Seachtain de léachtaí, d’imeachtaí, de chraic is de chaidreamh atá i gceist.
Ar an Domhnach déanfaidh an tAire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D scoil na blain seo a Oscailt go hoifigiúil.
Beidh ranganna agus imeachtaí éagsúla go leor ar siúl i rith na seachtaine ina measc beidh ranganna amhránaíochta leis na h-amhránaí iomráiteach  Anne Mulqueen. Beidh an damhsóir Cuthbert Tura Arutura ón tSiombáib ó dhúchas i bhfeighil ceardlann damhsa ar an sean-nós.
Beidh léachtaí éagsúla ar siúl chomh maith le seisiúin ceoil agus sean-nós, siúlóid sléibhe, seoladh leabhar, scéalta fiannaíochta, turais lae, léamh agus ceardlann filíochta le hÁine Uí Fhoghlú. Tráthnóna Dé Céadaoin beidh comórtas ‘Comóradh an Dá Phádraig’ ar siúl. Tá an Comórtas Tallainne seo á reáchtáil in gcuimhne agus onóir beirt fhear a raibh baint mhór acu le Daonscoil na Mumhan le blianta fada anuas ach atá anois ar shlí na fírinne sin iad Pádraig Ó Dálaigh agus Pádraig Ó hÍceadha.
Le linn na seachtaine beidh imeachtaí éagsúla ar siúl agus maidin Dé hAoine, 24 Lúnasa beidh Léacht an lae RTÉ Raidió na Gaeltachta 1972-2012 le ceannaire Raidió na Gaeltachta Edel Ní Chuirreáin.
Tá lóistín ar fáil i gColáiste na Rinne. Tuilleadh liosta iomlán de na himeachtaí ar fáil ar: www.daonscoil.com
Tuilleadh eolais ar maidir leis an scoil ar fáil ó Annraoi de Paor:
Teil: 087 7938709 / 01 288 0072
Ríomhphost:  annraoi.depaor@ucd.ie