Dátaí Scléip 2011
Nollaig 10, 2010
Is cúis áthais do GAELSCOILEANNA TEO. dátaí Scléip 2011 a fhógairt. Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne náisiúnta atá dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán Ghaeilge agus Gaeltachta. Thosaigh Scléip sa bhliain 2005 agus tá sé ag fás agus ag forbairt ó shin i leith. Is é príomhaidhm an chomórtais ná daltaí na niar-bhunscoileanna a spreagadh le Gaeilge a úsáid i réimsí éagsúla de na healaíona trí dheis a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh i gcomórtas spreagúil agus spéisiúil. Tabharfaidh Scléip 2011 deis do dhaltaí an Ghaeilge a labhairt agus a úsáid ina gcuid ceoil agus ina gcuid drámaíochta. Ba mhian linn go spreagfaí daltaí gaelscolaíochta an lae inniu mar a spreagadh iardhaltaí gaelscolaíochta eile ar nós roinnt do bhaill Kíla, na Frames agus Dara Ó Briain.
Babhta na Mumhan | 25 Eanáir | Firkin Crane, Corcaigh |
Babhta Chonnacht | 27 Eanáir | Town Hall Theatre, Gaillimh |
Babhta Ulaidh | 1 Feabhra | Cultúrlann Uí Chanáin, Doire |
Babhta Laighin | 7 Feabhra | Amharclann an Axis, Baile Munna |
Rachaidh buaiteoirí na gcomórtas thuasluaite ar aghaidh go Craobh Ceannais Scléip 2011 a reáchtálfaí ar Shatharn, an 19 Márta 2011 san Amharclann Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath. An dáta deiridh d’iarratais ná an 17 Nollag agus tá an fhoirm le híoslódáil anseo – mar sin, sciobaigí an deis bheith linn!