Dea-scéal do Ghaelscoil Cois Feabhail – an scoil ag bogadh go foirgneamh buan
Samhain 15, 2013
Tá daltaí, foireann, tuismitheoirí agus Bord Bainistíochta na scoile ag Gaelscoil Cois Feabhail i gCo. Dhún na nGall ag ceiliúradh agus scéal faighte acu go bhfuil cead tugtha ag an Roinn Oideachais dóibh bogadh go foirgneamh buan.
“Cinneadh stairiúil atá ann don scoil,” arsa Antóin Ó Dúgain, Cathaoirleach ar Bhord Bainistíochta na scoile.
“Ta an scoil ag feidhmiú as cóiríocht sealadach ó bunaíodh í sa bhliain 2000. Is céim ollmhór chun tosaigh é an cinneadh seo dúinn. Léiríonn sé muinín as oideachas trí mheán na Gaeilge i measc an phobail seo.
“Táimid buíoch don Athair O’Hagan as an ról a bhí aige sa tionscadal agus don Deoise as an bhfoirgneamh a bhí ag St. Joseph’s Boys School a chuir ar fáil dúinn. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chomh maith as ucht an maoinithe a chur ar fáil dúinn chun an obair athchóirithe a dhéanamh.”
Bogfaidh Gaelscoil Cois Feabhail ó láthair an CLG go dtí an foirgneamh buan atá lonnaithe sa bhaile féin. Cuirfidh an Roinn Oideachais maoiniú suntasach ar fáil chun an obair athchóirithe a dhéanamh. Níl sprioc ama ar fáil go fóill ach táthar ag súil go mbogfaidh an scoil go dtí an foirgneamh buan gan mhoill. Tá An Foras Pátrúnachta i mbun cainteanna le húdaráis na Deoise chun na sonraí a dheimhniú.
“Tugann oideachas trí mheán na Gaeilge buntáiste do pháistí,” arsa Gráinne Nic Robhartaigh, príomhoide na scoile.
“Léiríonn staidéir idirnáisiúnta go mbíonn buntáiste oideachasúil ag páistí a fhoghlaimíonn tríd an dara teanga agus go dtagann feabhas ar a gcumas cognaíoch mar thoradh. Feicfimid an méid seo ó thorthaí meánscoile ár n-iardhaltaí.”
Tá fáilte roimh thuismitheoirí a bhfuil spéis acu sa scoil teagmháil a dhéanamh leo ar 074-9385762. Reáchtálfar oíche eolais do thuismitheoirí ar an Déardaoin 28 Samhain ag 6.30pm.
“Mholfainn do thuismitheoirí a bhfuil ceist acu faoi oideachais trí mheán na Gaeilge freastail ar an ócáid seo. Tá sé tábhachtach go bhfuil an t-eolas go léir ag tuismitheoirí sula dhéanann siad cinneadh agus tabharfar léargas ar na buntáistí a bhaineann le páiste a chur go Gaelscoil ag an ócáid,” arsa Nic Robhartaigh.