Méid an Téacs

Deireadh curtha le scéim fhóirdheontais na Naíonraí

Lúnasa 6, 2013

Ag deireadh mhí Mheithimh, chinn Bord Fhoras na Gaeilge go gcuirfí deireadh leis an scéim fhóirdheontais do naíonraí atá á riaradh ag Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) ó 1999. 

Sa bhliain 2012, cuireadh € 876,900 ar fáil do FNT don scéim fhóirdheontais agus cuireadh maoiniú ar fáil chuige seo don chéad leath den bhliain 2013, ar luach €545,000 ach tá curtha in iúl anois ag Foras na Gaeilge nach n-íocfar aon airgead faoin scéim don tréimhse go Nollaig 2013.  “Buille tubaisteach d’earnáil na réamhscolaíochta” atá tugtha ag Clíona Frost, Príomhfheidhmeannach ar Fhorbairt Naíonraí Teoranta ar an gcinneadh seo, agus dúirt sí go mbeidh suas le hocht naíonra le dúnadh agus 31 post curtha i mbaol de bharr an chinnidh.  Dar le FNT nár tugadh aon fhógra dóibh, nó do Na Naíonraí Gaelacha go raibh an cheist seo faoi chaibidil ag Bord an Fhorais nó go raibh cinneadh le glacadh ina leith agus gur sa tairiscint ar bhunmhaoiniú don tréimhse Iúil – Nollaig 2013 do Fhorbairt Naíonraí Teoranta ó Fhoras na Gaeilge a tháinig cinneadh an Bhoird chun solais.  

I ráiteas atá faighte ag Gaelport.com ó Fhoras na Gaeilge deirtear:  “Bhí ceist ann faoin Scéim seo le cúpla bliain anuas agus chuir oifigigh Fhoras na Gaeilge in iúl go sonrach d’Fhorbairt Naíonraí Teoranta (FNT) ag cruinniú ar 01 Márta 2013 go raibh Foras na Gaeilge ag amharc ar an cheist seo agus go raibh seans ann nach n-íocfaí fóirdheontais amach anseo.  Ní gan fógra a tharla an cinneadh”.  Tá curtha in iúl ag Foras na Gaeilge gur “maoiniú dúbailte” a bhí á chur ar fáil toisc go raibh íocaíochtaí ar fáil do naíonraí faoin scéim Rialtais reatha i ndáil le cúram agus oideachas na luath-óige.  Labhair Gaelport.com le Rebecca Uí Bhruachail ó Naíonra Thír na nÓg i Mullach Íde i mBaile Átha Cliath.  Cuireann an naíonra seo seirbhísí ar fáil do dheichniúir páistí agus baineadh úsáid as an scéim fhóirdheontais chun íoc as páipéarachas, áiseanna teagaisc, leabhair, bréagáin agus ranganna Gaeilge don fhoireann.  In iomlán is tuairim agus €1,800 a bhí á fháil ag an naíonra seo sa bhliain tríd an scéim seo.  

Deir Rebecca: “Nuair a dhún an naíonra don samhradh bhí beirt fostaithe ann, ach leis na ciorruithe seo, ní bheidh d’acmhainn againn an dara duine a fhostú.  Faoin Acht um Chúram Leanaí 1996 is gá go mbeidh beirt san ionad i gcónaí i bhfeighil ar na páistí, agus mar sin beidh orm teacht ar dhuine a bheidh sásta tabhairt faoin obair seo go deonach, nó an naíonra a dhúnadh.  Tá sé chomh simplí leis sin”.  Is Stiúrthóir Naíonra í Catherine Allen ar Naíonra na gCéimeanna Beaga i gCathair na Mart a chuireann seirbhísí ar fáil do 22 páiste. Ciallóidh an ciorrú seo laghdú de os cionn €4,000 dá naíonra sa bhliain, agus dar le Catherine go mbeidh impleachtaí tromchúiseacha aige ar chaighdeán na seirbhíse.  

Deir Catherine: “Chabhródh an fóirdheontas chun íoc as gnáthchostais an naíonra, mar shampla leabhair, míreanna mearaí, áiseanna agus ranganna Gaeilge don fhoireann.  Bunaíodh mo naíonra dhá bhliain ó shin, agus ghlac mé iasacht chun na costais bhunaithe a íoc.  Níl an iasacht sin íoctha ar ais go fóill.  Tá gach pingin tábhachtach dom agus mé ag iarraidh an tseirbhís is fearr a chur ar fáil.  Gan an fóirdheontas seo, beidh post páirtaimseartha amháin á chailleadh i mí Meán Fómhair.  Mar gheall ar an scéim ECCE, ní féidir liom na táillí a ardú do na tuismitheoirí.  Leanfaidh mé orm don chéad bhliain eile, ach níl a fhios agam céard a dhéanfaidh mé amach anseo.  B’fhéidir go mbeidh orm an naíonra a dhúnadh”.

Sa ráiteas ó Fhoras na Gaeilge a fuarthas, deirtear nach bhfeictear don Fhoras “go bhfuil an Fóirdheontas criticiúil d’inmharthanacht naíonraí Gaeilge”. 

Foilsithe ar Gaelport.com