Méid an Téacs

Deireadh Seachtaine Cultúrtha i Ráth Chairn Ghlas na Mí!

Lúnasa 22, 2014

Blaiseadh de chultúr na Gaeltachta ar fáil le Gael Linn agus Comharchumann Ráth Chairn.

Ón 10-12 Deireadh Fómhair 2014, tabharfar deis d’fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge am a chaitheamh i nGaeltacht Ráth Chairn le linn Éigse Dharach Uí Chatháin áit a mbeidh neart neart siamsaíochta, damhsa ar an sean-nós agus ceol gaelach.

I measc na n-imeachtaí atá beartaithe don deireadh seachtaine seo, tá ranganna comhrá Gaeilge, ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós, tráth na gceisteanna agus seisiúin cheoil. Tabharfaidh an deireadh seachtaine deis d’fhoghlaimeoirí na teanga chun iad féin a thumadh i dteanga agus i gcultúr na háite chun a gcuid Gaeilge labhartha a fheabhsú in atmaisféar taitneamhach.

Tá an ócáid rathúil seo á heagrú ag Gael Linn i gcomhar le Comharchumann Ráth Chairn le sé bliana anuas. Cuirfear lóistín ar fáil do rannpháirtithe go háitiúil, agus beidh béiltí don deireadh seachtaine san áireamh sa táille de €180 don deireadh seachtaine.

Tá Gaeltacht Ráth Chairn suite timpeall uair an chloig tiomána ó Bhaile Átha Cliath i gCo. na Mí. Bunaíodh Gaeltacht Ráth Chairn i 1935 nuair a aistríodh teaghlaigh iomlána aniar as Conamara chuig Co. na Mí. Is Gaeltacht bheo í a ofrálann timpeallacht idéalach chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh.

Tá gach eolas faoin deireadh seachtaine ar fáil ó Sheán Ó Ceallaigh: 01 675 3299 / seanc@gael-linn.ie.