Méid an Téacs

Deireadh seachtaine eachtraíochtaí do theaghlaigh

Meán Fómhair 22, 2015

Tá deireadh seachtaine eachtraíochtaí á eagrú ag Glór na nGael do theaghlaigh Ghaeilge ag Ionad Eachtraíochta Chairlinn, Contae Lú, Dé hAoine agus Dé Sathairn 23 agus 24 Deireadh Fómhair.

Beidh scéalaíocht ann agus siúlóid sa choill ann Aoine. I measc na himeachtaí ar an Sathairn beidh sreang zip, ropaí arda, rianadóireacht agus comhrac léasair. Beidh imeachtaí eile do pháistí atá ró-óg le páirt a ghlacadh sna himeachtaí eachtraíochta thuas luaite.

Cosnóidh an t-imeacht aon oíche amháin agus lá €45 an duine, idir óg agus aosta. Clúdóidh an costas sin lóistín oíche Aoine, bricfeasta, lón agus imeachtaí an lae.

Beidh Glór na nGael ag eagrú sraith imeachtaí eile scéalaíochta trasna na tíre ag an Samhain do theaghlaigh Ghaeilge. Beidh mionsonraí na n-imeachtaí eile á gcur ar fáil ar ball.

Tá Glór na nGael ag iarraidh ar theaghlaigh ar suim leo páirt a ghlacadh san imeacht seo scéal a chur chucu roimh deireadh Mhí Mheán an Fhómhair. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Ghlór na nGael ag marcas@glornangael.ie nó ar ghuthán ag +353 86 171 9755.