Deontais d’imeachtaí idirscoile ar fáil
Meán Fómhair 24, 2012
Cuireann GAELSCOILEANNA TEO deontas d’imeachtaí idirscoile ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Bíonn an-tóir ar na deontais seo.
Is féidir an fhoirm iarratais a comhlánú anseo: Foirm Iarratais
Tríd an scéim seo, bíonn deis ag scoileanna imeacht dá rogha féin a reáchtáil le scoileanna eile agus cuireann GAELSCOILEANNA TEO. uasmhéid de €250 / £225 ar fáil d’imeacht le 2 scoil rannpháirteach ann, uasmhéid €500 / £450 d’imeacht le 3 scoil nó níos mó rannpháirteach ann agus €750 / £675 más 4 scoil nó níos mó atá le bheith rannpháirteach. Déantar na h-íocaíochtaí de réir admhála. Cuirtear fáilte roimh réimse leathan imeachtaí agus roimh iarratais ó:
- Naíonraí /naíscoileanna agus bunscoileanna
- Bunscoileanna amháin
- Bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna
- Iar-bhunscoileanna amháin
Tugann na himeachtaí idirscoile seo deis thábhachtach do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta nasc a chruthú le scoileanna eile. Ó thráth na gceist go cluichí peile, spreagann na himeachtaí ilghnéitheacha seo cumarsáid agus spraoi trí mheán na Gaeilge, rud a théann chun leasa na scoile, chun leasa na ndaltaí agus chun leasa an scoilphobail.
Tá gach eolas mar gheall ar an scéim seo ar fáil ach ríomhphost a chur ag oifig@gaelscoileanna.ie nó glaoch a chur ar 01 8535193.
Tá an scéim deontais seo á maoiniú ag Foras na Gaeilge.