Méid an Téacs

Dhá chúrsa nua EPV á gcur ar fáil ag Gaelchultúr

Bealtaine 10, 2012

Tá breis is 2,000 múinteoir bunscoile tar éis cúrsa EPV ar líne de chuid Ghaelchultúir a dhéanamh ó cuireadh tús leo trí bliana ó shin, agus tá sé curtha in iúl ag cuid mhór acu gur mhaith leo cúrsa de chuid an chomhlachta a dhéanamh arís an samhradh seo. I bhfianaise na spéise sin, tá dhá chúrsa nua forbartha againn chun freastal ar an éileamh mór atá ann:

Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa Seomra Ranga: Is cúrsa é seo atá dírithe orthu siúd a bhíonn ag lorg modhanna níos éifeachtaí chun an Ghaeilge a mhúineadh. Tá ceachtanna samplacha a bhaineann le téamaí an churaclaim, mar aon le físeáin ina léirítear conas na ceachtanna sin a mhúineadh, curtha ar fáil i ngach aonad. Beidh múinteoirí a thabharfaidh faoin gcúrsa in ann na ceachtanna samplacha seo a úsáid sa seomra ranga agus aithris a dhéanamh orthu chun ceachtanna eile a scríobh iad féin.

Ardchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile: Tá an cúrsa gramadaí seo dírithe orthu siúd a bhfuil caighdeán réasúnta maith gramadaí acu cheana féin ach ar mian leo dul i ngleic le rialacha níos dúshlánaí agus barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga.

San iomlán, tá ocht gcúrsa ar líne á dtairiscint ag Gaelchultúr do mhúinteoirí bunscoile an samhradh seo. Tá aitheantas faighte acu uile ón Roinn Oideachais agus Scileanna, agus beidh gach múinteoir a thabharfaidh faoi chúrsa go críochnúil i dteideal trí lá Saoire Phearsanta Bhreise (EPV) a thógáil. Is féidir cliceáil ar ainmneacha na gcúrsaí anseo thíos chun tuilleadh eolais a fháil fúthu, chun triail a bhaint as aonaid shamplacha, nó chun cúrsa a chur in áirithe.

Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa Seomra Ranga
Ardchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile
Bunchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile
Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile – Naíonáin Shóisearacha agus Shinsearacha
Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile – Rang 1 agus 2
Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile – Rang 3 agus 4
Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile – Rang 5 agus 6
Áiseanna Teicneolaíochta Gaeilge don Seomra Ranga

Tá an-ráchairt ar chúrsaí EPV an chomhlachta ó cuireadh ar fáil ar dtús iad in 2009 agus ceann de na cúiseanna atá leis sin, dar le Siobhán Patten, Bainisteoir Sainchúrsaí Gaeilge le Gaelchultúr, ná an t-ábhar suimiúil, úsáideach atá le fáil iontu. “Tá neart smaointe praiticiúla agus gníomhaíochtaí spraíúla sna cúrsaí agus bíonn na rannpháirtithe ag súil go mór le triail a bhaint astu sa seomra ranga.”

Gné eile a thaitníonn le rannpháirtithe na gcúrsaí, dar le Siobhán, ná chomh loighciúil is atá an leagan amach. “Táimid tar éis cur leis an teicneolaíocht ó bhí anuraidh ann, agus beidh sé níos fusa ag múinteoirí a mbealach a dhéanamh trí na cúrsaí ná mar a bhí roimhe seo, fiú. Ní gá do mhúinteoir, mar sin, bheith an-eolach ar an teicneolaíocht agus é nó í ag tabhairt faoi chúrsa dár gcuid.”

Tá ardmholadh faighte ag Gaelchultúr ó rannpháirtithe na gcúrsaí seo ar líne. Seo an méid a bhí le rá ag beirt mhúinteoirí a thug fúthu roimhe seo:
“Teastaíonn uaim mo bhuíochas a ghabháil libh go léir i nGaelchultúr – is cinnte go mbainfidh mé úsáid as ábhar an chúrsa seo sa seomra ranga. Maith sibh!”
“Is é seo an cúrsa is úsáidí agus is praiticiúla a rinne mé riamh. Molfaidh mé do mo chairde tabhairt faoi agus tá mé ag súil le cúrsa eile a dhéanamh libh an samhradh seo chugainn.”