Méid an Téacs

Dianchúrsa Gaeilge do mhúinteoirí iar-bhunscoile – saor in aisce!

Meitheamh 27, 2012

Más múinteoir iar-bhunscoile tú atá ag teagasc trí Ghaeilge, beidh deis agat feabhas a chur ar do chuid scileanna teanga an samhradh seo mar go bhfuil COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) ag eagrú dianchúrsa Gaeilge arís i mbliana. Tá an cúrsa seo á reáchtáil i bpáirt le Gaelchultúr agus beidh sé ar siúl i gColáiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, idir 20-24 Lúnasa 2012. Ní bheidh aon táille le híoc ag na rannpháirtithe agus cuirfear lón ar fáil gach lá.

“Is é seo an ceathrú bliain dúinn an cúrsa seo a reáchtáil,” arsa Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir. “Bhí an-tóir ar an chlár go dtí seo agus measaimid go mbeidh ráchairt air arís i mbliana.

“Is cúrsa an-phraiticiúil é, ina bhfuil an bhéim ar theanga laethúil na scoile agus ar na gnéithe is lárnaí de ghramadach na Gaeilge. Cuirtear seisiúin speisialtóireachta ar fáil freisin, rud a thugann deis do na rannpháirtithe dul i ngleic le sainteanga agus béarlagair a n-ábhar féin, agus cuirtear na hacmhainní teicneolaíochta is úsáidí don Ghaeilge ar a súile do na múinteoirí chomh maith. Taitníonn an cúrsa le múinteoirí de bhrí go bhfreastalaíonn sé ar na riachtanais atá acu.”

Fuair an dianchúrsa ardmholadh ó rannpháirtithe na bliana seo caite, agus tá cuid den aiseolas a thug siad le feiceáil thíos.

“Is í seo mo chéad bhliain ag múineadh i nGaelcholáiste agus tá níos mó muiníne agam tar éis an chúrsa seo. Táim an-sásta leis na hacmhainní a fuair mé agus an leabhar gramadaí. Bhí seans agam aon cheist a chur ar na speisialtóirí freisin. Bhí an múinteoir go hiontach agus an-chairdiúil.”

“Tá mé i ndiaidh an-chuid a fhoghlaim. Beidh mé ar ais an bhliain seo chugainn go cinnte.”

“D’fhoghlaim mé a lán rialacha nach raibh ar eolas agam.”

“Freagraíodh gach ceist a cuireadh agus tá na rialacha i bhfad níos soiléire dom anois.”

Tá bróisiúr an chúrsa ar fáil anseo agus is féidir clárú dó ach cliceáil anseo. Moltar dóibhsean ar mian leo tabhairt faoin gcúrsa áit a chur in áirithe roimh 29 Meitheamh 2012.