Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (Ar Líne)
Márta 13, 2014
Tá éileamh i gcónaí ar dhaoine a bhfuil ardscileanna acu sa Ghaeilge scríofa, san aistriúchán agus san eagarthóireacht. Tá an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (Ar Líne) dírithe ar dhaoine atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga agus cáilíocht ghairmiúil a bhaint amach. Is cúrsa páirtaimseartha ar líne a mhaireann dhá bhliain atá ann. Faigheann rannpháirtithe cleachtadh praiticiúil ar raon leathan téacsanna a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge agus ó Ghaeilge go Béarla. Cuirtear aonaid foghlama ar fáil ar ardán Moodle gach seachtain, áit a mbíonn plé ar ghné faoi leith den aistriúchán. Déanann an teagascóir mion tráchtaireacht ar chleachtaí ó sheachtain go seachtain, ag díriú aird na rannpháirtithe ar cheisteanna cruinnis agus ar chúrsaí stíle agus tugann comhairle maidir le conas na deacrachtaí is coitianta san aistriúchán Gaeilge a shárú.
Is ar líne a chuirtear obair uile an chúrsa ar fáil. Bíonn ceardlann amháin ar siúl i Má Nuad ag tús na bliana acadúla sa chéad bhliain agus sa dara bliain. Déantar staidéar ar dhá mhodúl go comhuaineach i ngach seimeastar. Tá obair leanúnach ag dul le gach modúl agus bíonn scrúduithe i ngach modúl in Ollscoil na hÉireann Má Nuad ag deireadh na bliana acadúla.
Riachtanais Iontrála: Bunchéim agus pas i scrúdú iontrála teanga.
Scrúdú Iontrála: 21 Meitheamh 2014.
Scrúdú Samplach: http://www.nuim.ie/language-centre/our-courses/dioplóma-iarchéime-san-aistriúchán-agus-san-eagarthóireacht-ar-líne
Iarratais: Déan iarratas ar www.pac.ie leis an gcód MH51C.
Spriocdháta le haghaidh Iarratas: 6 Meitheamh 2014.
Táillí: €2,000 in aghaidh na bliana. Tá scoláireachtaí ar fáil don bheirt a gheobhaidh na torthaí is fearr sa scrúdú iontrála. Clúdóidh an scoláireacht táillí iomlána an chúrsa.
Tuilleadh Eolais: www.nuim.ie/language
Teagmháil: teanga@nuim.ie nó (01) 708 6417/3737.
Teagmhálaí: Aisling Ní Bheacháin
Seoladh: Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (Ar Líne), Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann Má Nuad, Má Nuad, Co. Chill Dara.
Foilsithe ar Gaelport.com