Méid an Téacs

Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga

Iúil 10, 2013

Tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta ag tabhairt deis do dhaoine tabhairt faoi Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga.

Is í aidhm an chúrsa deis a thabhairt do rannpháirtithe eolas agus oiliúint fheidhmeach a fháil ar straitéisí buanaithe teanga agus leas-chleachtais na pleanála teanga. Cuirfidh siad eolas
ar ghnéithe den fhorbairt pobail atá riachtanach do phobal na Gaeilge san am atá romhainn. 

Beidh sé feiliúnach d’oibrithe pobail agus teanga sna ceantair phleanála teanga a luaitear in Acht na Gaeltachta. Beidh buntáiste acu siúd atá ag obair cheana féin in earnáil na Gaeilge go naisiúnta agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á fheidhmiú acu.

Ábhar an Chúrsa:
Dioplóma de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, atá ag teacht le cáilíocht ag Leibhéal 7 den Chreatlach Náisiúnta Cáilíochtaí é seo. 30 ECTS atá luaite leis an gclár léinn seo.
Sa chás nach gcríochnaíonn an rannpháirtí ach an chéad bhliain, is féidir Teastas sa Phleanáil Teanga a bhronnadh air/uirthi ach an caighdeán cuí a bhaint amach i measúnuithe mhodúil na chéad bhliana.

Riachtanais Iontrála:
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine atá ag obair in earnáil na forbartha teanga nó pobail sa Ghaeltacht nó in earnáil na Gaeilge go náisiúnta chomh maith le daoine eile a bhfuil spéis acu san ábhar seo. De bharr go mbeidh gnéithe den chúrsa á seachadadh ar bhonn cianfhoghlama ní foláir go mbeidh teacht ag rannpháirtithe ar ríomhaire agus ceangal leathanbhanda. Is gá caighdeán sásúil i labhairt agus i scríobh na Gaeilge a bheith ag rannpháirtithe an chúrsa.

Táille agus Iarratais:
Gearrfar táille de €990 in aghaidh na bliana ar mhic léinn an Dioplóma ach beidh táille laghdaithe de €750 le híoc ag mic léinn a chomhlánaíonn foirm iarratais ar-líne roimh Dé hAoine 16 Lúnasa 2013.  

Ní mór foirm iarratais ar-líne a chomhlánú roimh Dé hAoine 23 Lúnasa 2013.

Breise sonraí ar fáil Anseo
Is féidir tuilleadh fiosruithe a dhéanamh le comhordaitheoir an chúrsa, Éamon Ó Cofaigh, ag: eamon.ocofaigh@oegaillimh.ie nó 091-493802

Foilsithe ar Gaelport.com