Méid an Téacs

Dírigh ar do thodhchaí ag Lá Oscailte ITBÁC 2012

Samhain 16, 2012

Ar an Aoine an 30 Samhain agus an Satharn an 1 Nollaig, cuirfidh ITBÁC fáilte roimh na haon duine ar mhaith leo níos mó eolais a fháil ar ITBÁC. Fáilteofar roimh mhic léinn ionchasacha, a dteaghlaigh, a gcairde, agus a múinteoirí, roimh mhic léinn lánfhásta, chomh maith leo siúd ar mhaith leo dul i mbun staidéir pháirtaimseartha nó staidéar iarchéime go dtí Lá Oscailte ITBÁC 2012.

Beidh Lá Oscailte ITBÁC ar siúl i Sráid Aungier. Is deis í seo chun aithne súile a chur ar an gcampas agus chun eolas a fháil ar an raon leathan cúrsaí a sholáthraíonn an Institiúid idir chúrsaí páirtaimseartha, lánaimseartha, bunchéime agus iarchéime ag an am céanna. Is é aidhm an lae ná an deis a thabhairt do mhic léinn ceisteanna a chur ar léachtóirí agus mhic léinn reatha na hInstitiúide, seirbhisí na hInstitiúide a bhraith, foghlaim faoi na roghanna staidéir difriúla agus taitneamh a bhaint as na deiseanna difriúla atá le fáil in ITBÁC ag an am céanna. Beidh imeachtaí iontacha ar siúl ar feadh an lae idir cheardlanna, taispeántais, turais, agus chainteanna bunaithe ar shaol an choláiste. Díreoidh cuid do na cainteanna seo ar chúrsaí agus ghairmeacha áirithe. Tabharfaí na cainteanna seo deis do dhaoine eolas níos doimhne a fháil ar na cúrsaí a bhfuil suim acu iontu.

Is ceann de na hInstitiúidí is mó agus is nuálaí in Éirinn í ITBÁC. Soláthraíonn sí suíomh foghlamtha atá dírithe ar an domhan gairmiúil. Tá raon leathan cúrsaí le fáil trasna choláistí éagsúla na hInstitiúide is iad sin Gnó, Innealtóireacht agus an Timpeallach Tógtha, Eolaíocht agus Sláinte, Ealaíon agus Turasóireacht. Tá cáil bainte amach ag ITBÁC de bharr a cúrsaí nuálacha, na gcaidreamh láidir idir an fhoireann agus na mic léinn, agus a seirbhisí tacaíochta mac léinn den scoth chomh maith lena bheith ina ceannródaí sa saol fiontraíochta, ag sóláthair goir ghnó ar ardchaighdeán, agus de bharr a comhoibrithe idirnáisiúnta agus a comhpháirteachais phoiblí sa bhaile.

Beidh Lá Oscailte ITBÁC ar siúl i gcampas Shráid Aungier ar an Aoine an 30 Samhain agus an Satharn an 1 Nollaig ó 09.00-15.00. Téir go dtí www.dit.ie/openday le haghaidh tuilleadh eolais.