Méid an Téacs

Doiléire cruthaithe maidir le maoiniú na n-eagras Gaeilge sa ghearrthéarma

Meitheamh 4, 2013

Ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) i mí Márta na bliana seo, d’aontaigh na hAirí síneadh a chur leis na socruithe reatha don naoi n-eagraíocht déag a fhaigheann bunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge go dtí 31 Nollaig 2013.
Agus é ag labhairt os comhair na Dála ar Déardaoin seo caite, rinne an tAire Stáit Gaeltachta, Dinny McGinley T.D., an cinneadh sin a athdheimhniú.

Cé gur bhain faoiseamh áirithe leis an síneadh seo a fógraíodh i mí Márta, chuir eagraíochtaí na hearnála deonaí in iúl gur réiteach fadtéarmach ar an scéal atá uathu. Ní fada a mhair an faoiseamh, ó chuir Foras na Gaeilge in iúl d’eagrais go luath tar éis chruinniú na CATT go mbeadh próiseas iarratais nua ag baint leis an tréimhse sé mhí seo agus gur ciorrú de 5/6% a bhí mar fhigiúir treorach ag an bhForas chuige seo. Is ciorrú é sin a bheadh le déanamh ar an ollfhigiúr bunmhaoinithe, agus ní gá go gcuirfí an leibhéal céanna de chiorrú i bhfeidhm ar gach eagraíocht trasna an bhoird.

Chuir Foras na Gaeilge sraith tosaíochtaí le chéile de réir théamaí ar leith, agus cuireadh in iúl do na heagrais go mbeadh maoiniú á sholáthar as seo amach bunaithe ar na tosaíochtaí úra seo amháin. Tá curtha in iúl do na heagrais bhunmhaoinithe go bhféadfaí go mbeadh eagrais ar leith thíos leis, agus eagrais ar leith thuas leis bunaithe ar an mbreithiúnas a dhéantar ar na hiarratais mhaoinithe i gcomhthéacs na dtosaíochtaí nua.

Tiocfaidh Bord Fhoras na Gaeilge le chéile ar an 28 Meitheamh 2013, chun iarratais na n-eagras a bhreith don tréimhse 01 Iúil 2013 – Nollaig 2013.

Fágann seo go gcinnfear ar an Aoine, 28 Meitheamh 2013 cén mhaoiniú a cheadófar do na heagrais bhunmhaoinithe don tréimhse dár tús an Luan dár gcionn.

Agus é ag tabhairt freagra scríofa do cheist Dála Déardaoin seo caite, 30 Bealtaine 2013, dúirt an tAire Gaeltachta, Dinny McGinley T.D., “Tá múnlaí éagsúla maoinithe á mbreithniú ag Foras na Gaeilge i gcomhar leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe, le páirtithe leasmhara eile agus leis an phobal i gcoitinne trí na próisis chomhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh sa dá dhlínse. Ní miste a nótáil gur aontaigh an Chomhairle Aireachta síneadh a chur leis na socruithe reatha bunmhaoinithe i rith an ama seo. San am i láthair, tá cinneadh tógtha ag an Chomhairle Aireachta go leanfaidh na socruithe reatha bunmhaoinithe go dtí an 31 Nollaig 2013”.

Ag labhairt ar an ábhar seo, dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, an scátheagraíocht ar earnáil dheonach na Gaeilge, go bhfuil an scéal seo “an-doiléir do na heagrais Ghaeilge ó tharla go bhfuil port éagsúil le cloisteáil ón Aire Gaeltachta is atá le cloisteáil ó Fhoras na Gaeilge”.

Deir De Barra go bhfuil súil ag na heagrais Ghaeilge go mbeidh cúrsaí níos soiléire sna seachtainí beaga romhainn, ach gur “trua gur fágadh go dtí an nóiméad deiridh arís é, go bhfuil na heagrais i bhfolús eolais in athuair, agus go mbeimid ag feidhmiú ar an Aoine, 28 Meitheamh, gan eolas dá laghad ar an leibhéal maoinithe a bheidh ar fáil don tréimhse nua a thosóidh ar an Luan dár gcionn”.

 

Foilsithe ar Gaelport.com