Méid an Téacs

Don chéad uair déanann Comhairle na Gaelscolaíochta freastail ar Chomhdháil Pháirtí an Alliance

Aibreán 22, 2013

Ráiteas ó Phríomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta an Dr. Micheál Ó Duibh: “Chinn muid ar fhreastail a dhéanamh ar an chomhdháil seo chun teachtaireacht láidir a chur amach go raibh rogha na gaelscolaíochta ann do gach duine ó gach pobal.

Thapaigh muid an deis an teachtaireacht seo a mhíniú do pholaiteoirí an pháirtí, an ceannasaí David Ford ina measc, agus iarradh orthu an teachtaireacht chéanna a thabhairt ar ais chuig pobail na gceantar a bhfuil siad ionadaíocht orthu. Anuas air seo, bhí deis mhaith agam ábhair eile straitéiseacha a bhain le hearnáil na gaelscolaíochta a thógáil le polaiteoirí an pháirtí ”.

Lean an Dr. Ó Duibh le rá: “Tá sé i gceist againn, más féidir linn, freastail a dhénamh ar chomhdhálacha na bpáirtithe polaitíochta uile chun an teachtaireacht chéanna a roinnt”.

www.comhairle.org