Méid an Téacs

‘Draíodóir Oz’ i nGaelscoil Uí Riada

Eanáir 22, 2014

Bhí an liú “ Soilse, Ceamairí agus Cuirtín Suas” ag daltaí agus pobal uile Ghaelscoil Uí Riada i Wilton, Corcaigh nuair a léirigh na daltaí an Ceoldráma ‘Draíodóir Oz’ do lucht feachána ollmhór ar an 4ú agus 5ú Nollaig. Seo an ceoldráma is déanaí atá léirithe ag Gaelscoil Uí Riada agus arís bhí gach dalta páirteach agus ag aisteoireacht ar an stáitse.

Bhí an díalóg ar fad i nGaeilge agus bhí sé go hálainn rithim saibhir na Gaeilge a chlos ó na haisteoirí óga.

B’é seo an buaicphointe de roinnt seachtainní de chleachtadh agus ullmhúcháin agus chríochnaigh sé le dráma go hiomlán proifisiúnta – ealaín nua-dhéanta don chúlra, fuaim proifisiúnta, ceol beo agus gan dabht feistis iomlán le smidiú beoga.

Is deis foghlama iontach í seo do na daltaí sa slí is go bhfeiceann siad an cur chuige atá ag teastáil chun dráma a eagrú ó thus deireadh. “Tá súil againn go mbeidh cuimhní iontacha ag na daltaí ar fad ar an ócáid seo” a dúirt príomhoide na scoile, Aindrias Ó Maolanfaidh. “Gan dabht, ní fhéadfaimís léiriú mar seo a dhéanamh gan an obiar iontach agus comhoibriú ó na na daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí agus táimid fíorbhuíoch díobh uile”.

B’é ‘Draíodóir Oz’ an chéad dráma mar seo a léirigh pobal na scoile i 2005. Leanadar é sin le Oliver i 2007, Séis Cheoil / The Sound of Music i 2009 agus Rí na Leon/ The Lion King i 2011.