Méid an Téacs

Duais fiontraíochta buaite ag daltaí i bPobalscoil Chorca Dhuibhne

Aibreán 25, 2012

Comhghairdeas le Shane Ó Cinnéide agus Pádraig Ó hÓgáin, beirt mhac léinn ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne sa Daingean, a bhain an dara duais i gCatagóir na Sóisear ag an gComórtas Náisiúnta Fiontraíochta le déanaí.

Tá dlúthdhiosca idirghníomhach bunaithe ar Éirinn déanta ag Shane agus Pádraig. Is dlúthdhiosca dátheangach atá ann atá oiriúnach do ranganna 3, 4, 5 agus 6 sa bhunscoil agus áisiúil do mhúinteoirí agus do dhaltaí. Tá an dlúthdhiosca ar díol ar €5 agus tá gach eolas ar fáil ar www.eirecd.wordpress.com.

CD taitneamhach oideachasúil é seo dírithe ar leanaí aois 8+

  • Ar fáil go dátheangach – Gaeilge agus Béarla ar CD amháin
  • Eolas ar gach contae in Éirinn
  • Aibhneacha, sléibhte agus lochanna na hÉireann
  • Cluichí spórtúla – crosfhocail, cuardach focal, tráth na gceist, agus tuilleadh
  • Ceachtanna samplacha gur féidir a phriontáil
  • Téama GAA