Méid an Téacs

€4,050 ceadaithe do Naíonra Thuar Mhic Éadaigh

Iúil 31, 2013

D’fhógair an tAire Stáit don Ghaeltacht, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D.,  ar maidin go bhfuil deontas de €4,050 ceadaithe aige mar chabhair do Choiste Naíonra Thuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo chun dromchla nua a chur ar chlós na scoile agus trealamh nua a cheannach.

Agus é ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Stáit go raibh áthas air a bheith in ann an deontas seo a chur ar fáil chun an áis thábhachtach seo a fhorbairt. Dúirt sé freisin go bhfuil “ról an- tábhachtach ag an Naíonra seo i gcur chun cinn na Gaeilge sa cheantar”. 

Foilsithe ar Gaelport.com