Méid an Téacs

ÉISTEACHTAÍ Á REÁCHTÁIL AG MEANGADH FÍBÍN IN ÓSTÁN AN MHUILINN I MBAILE BHUIRNE CHUN RÓIL LÁITHREORA A LÍONADH

Bealtaine 21, 2018

Ar mhaith leat a bheith ar an gcéad réalt nua teilifíse eile?

Tá tallann nua don scáileán á lorg ag Meangadh Fíbín le haghaidh sraith shiamsúil nua teilifíse dírithe ar leanaí réamhscoile. Tá ceathrar laithreoirí, meascán cailíní agus buachaillí óga ag teastáil uainn chun dul ar eachtraí spraíúla mórthimpeall na tíre. Tá daoine breá cainteach, muiníneach agus fuinniúil ag teastáil don ról.

Más buachaill nó cailín tú idir 6-12 bliain d’aois ba bhreá linn dá ndéanfá éisteacht dúinn. Roghnófar buachaill nó cailín amháin as na cúigí éagsúla sa tír. Tar chomh fada linn in Óstán An Muileann i mBaile Bhuirne tráthnóna Dé Máirt seo chugainn 22 Bealtaine ón 6:00-8:00 sa tráthnóna.

Reáchtáil Meangadh Fíbín éisteachtaí ag an Oireachtas i gCill Airne anuraith agus i gConamara le gairid agus d’éirigh go hiontach leo. Cuirfear fáilte roimh dhaoine óga le taithí asteoireachta ach níl sé riachtanach.

Bí i dteagmháil le Meangadh Fíbín le haghaidh tuilleadh eolais 091-505855/kathleen@fibinmedia.ie

Gach eolas ar www.fibinmedia.ie