Méid an Téacs

Fáiltíonn an Chomhdháil roimh chinneadh deireadh a chur leis an tSamhail Nua Mhaoinithe

Iúil 2, 2012

Cuireann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge fáilte roimh chinneadh Bhord Fhoras na Gaeilge gan leanúint ar aghaidh leis an tSamhail Nua Mhaoinithe a bhí molta go dtí seo.

Fógraíodh an cinneadh seo tar éis cruinniú de Bhord Fhoras na Gaeilge i nGaoth Dobhair Dé hAoine.

Faoi láthair tá 19 n-eagraíocht bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge. Tá an múnla reatha maoinithe i bhfeidhm ó bunaíodh Foras na Gaeilge i 1999, nuair a aistríodh cúram maoinithe ocht n-eagras déag Gaeilge go dtí an comhlacht.

Punann de scéimeanna iomaíocha a bhí i gceist leis an tSamhail nua mhaoinithe, de réir catagóirí éagsúla.

An mhí seo caite d’fhoilsigh an Comhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht tuarascáil i dtaobh na Samhla Nua Maoinithe d’earnáil dheonach na Gaeilge.

Shocraigh an Coiste Oireachtais ar thuarascáil a choimisiúnú tar éis dóibh éisteacht le tuairimí na n-eagras bunmhaoinithe agus le tuairimí Fhoras na Gaeilge ar mhaoiniú na n-eagras amach anseo. Sa tuairisc leagtar béim ar thábhacht an bhunmhaoinithe chun seirbhísí tábhachtacha a chinntiú do phobal na Gaeilge. Chomh maith leis sin moltar ann nár cheart go mbeadh scéimeanna faoi réir tairisceana iomaíche.

Tháinig tuairisc an Chomhchoiste sna sála ar rún a ritheadh i dTionól Thuaisceart Éireann a léirigh amhras faoin tionchar a bheadh ag an tSamhail Nua Mhaoinithe ar eagraíochtaí Gaeilge, agus a léirigh amhras faoin bpróiseas comhairliúcháin a bhain leis.

Ag labhairt dó ar chinneadh an Bhoird, dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge: “Tá iomarca ama caite le blianta beaga anuas, ag plé na Samhla Nua Maoinithe a bhí chomh lochtach sin gur éard a bheadh mar thoradh uirthi ná aimhleas na Gaeilge. Is gá anois d’Fhoras na Gaeilge agus do na heagrais bhunmhaoinithe comhoibriú ar bhonn comhpháirtíochta, le hionchur ó shaineolaithe sa phleanáil teanga agus ó shaineolaithe sa bhainistíocht um athruithe chun teacht ar an mbealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla chun earnáil dheonach na Gaeilge a mhaoiniú ar mhaithe leis na seirbhísí do phobal na Gaeilge a chothabháil agus a fhorbairt”.

Preasráiteas de chuid Chomhdháil Násiúnta na Gaeilge