Méid an Téacs

Fáiltíonn Gaelcholáiste an Phiarsaigh roimh a chéad daltaí!

Lúnasa 29, 2014

Osclaíodh doirse Ghaelcholaiste an Phiarsaigh den chéad uair ar an Máirt, 26 Lúnasa 2014. Tá an Gaelcholáiste nua seo lonnaithe sa Mhainistir ar bhóthar na Gráinsí i Ráth Fearnáin.

“Faigheann foighid faoiseamh” a deirtear agus bhí pobal an Ghaelcholáiste thar a bheith foighneach ach ar bís ag fanacht ar an lá stairiúil seo,”arsa Joe Mac Suibhne, príomhoide na scoile.

“Tá creidiúint mhór ag dul do Choiste bunaithe na scoile, do phátrún na scoile, An Foras Pátrúnachta, don Roinn Oideachais agus Scileanna, don fhoireann deartha agus go háirithe don tógálaí Seán Ó Dúill, CTS Construction as an obair iontach athchóirithe atá déanta ar an bhfoirgneamh.”

Ba lá álainn an Mháirt inar chuir an príomhoide agus roinnt de na múinteoirí, An Múinteoir Fionnuala, An Múinteoir Pádraig agus An Múinteoir Rachel fáilte roimh na chéad scoláirí agus a dtuismitheoirí agus a ngaolta.

Ba chúis mhór bhróid a bhí in oscailt na scoile do Chathaoirleach an Bhoird, Lorcán Mac Gabhann agus do chomhaltaí eile an Bhoird a bhí i láthair ar an lá.

Labhair an príomhoide faoi thábhacht na hócáide agus faoin mbealach a bhfuil na scoláirí agus go deimhin pobal iomlán na scoile ar an tairseach idir aimsir atá caite agus an tréimhse lonrach gheal atá le teacht.

“Ainmníodh ionad/ halla fáilte na scoile mar ‘An Tairseach’ le meabhrú do phobal na scoile de shíor go bhfuil tábhacht leis an tairseach, go bhfuil neart le foghlaim ón stair ach go gcaithfear bogadh ar aghaidh sa todhchaí freisin.Beidh na háiseanna is nua-aimseartha den scoth in úsáid sa scoil chaomhnaithe seo,” arsa Mac Suibhne.

Bhí an méid seo le rá ag Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí ar an bhForas Pátrúnachta: “Tá ceangal láidir leis an nGaeilge agus le hoideachas lán-Ghaeilge sa cheantar seo, le hIarsmalann an Phiarsaigh díreach suas an bóthar, áit ar rith Pádráig Mac Piarais Coláiste Éanna idir 1910 agus 1916.Tá an áthas orainn ar fad an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn tríd an scoil seo do na glúine amach romhainn.”

www.foras.ie