Méid an Téacs

Feachtas láidir ar son na Gaeilge

Eanáir 15, 2014

D’fhreastail os cionn 200 duine ar chruinniú poiblí a bhí á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge ag an deireadh seachtaine maidir le cur chuige an Rialtais i leith na Gaeilge.

Bhailigh an slua i Halla na Saoirse i gcroílár Bhaile Átha Cliath ar an Satharn le fearg agus frustrachas a léiriú don chaoi a bhfuil údaráis an Stáit ag déileáil le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, agus le plé a dhéanamh ar an mbealach chun tosaigh.

Eascraíonn na gníomhaíochtaí is déanaí as fógra an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go mbeidh sé ag éirí as a ról ar 23 Feabhra 2013 de bharr teip an Rialtais i leith chur i bhfeidhm beartais reachtaíocht teanga ag leibhéal an Stáit. D’eagraigh Conradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) agóid roimh an Nollaig mar thúsphointe an fheachtais chun tacú le seasamh agus moltaí an Choimisinéara Teanga agus míshástacht phobal na Gaeilge a léiriú don Rialtas.

Tá beartaithe anois feachtas leanúnach le rannpháirtíocht an-láidir a reáchtáil agus pléadh an feachtas seo ag an gcruinniú ag an deireadh seachtaine áit ar tugadh deis do phobal na Gaeilge cur chuige agus éilimh teanga a phlé.

I measc na n-aoichainteoirí ar an lá, bhí an Captaen Aralt Mac Giolla Chainnigh, a bhunaigh Gaeltacht Cheanada, Seán Mag Leannáin, Iar-Phríomhoifigeach sa Státseirbhís, agus bhí Caoimhín Ó hEaghra, Stiúrthóir ar an bhForas Pátrúnachta agus iar-státseirbhíseach sinsearach, mar chathaoirleach ar an bhfóram poiblí.

I ráiteas oifigiúil ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis an gcruinniú ar an Satharn, dúradh go ndéanfaidh an Roinn “na héilimh éagsúla a bhí faoi chaibidil ag an chruinniú poiblí Dé Sathairn 11 Eanáir 2014 a bhreithniú i gcomhar leis na páirtithe leasmhara cuí sa tréimhse amach romhainn. Ní miste a nótáil go mbaineann cuid de na héilimh seo le réimse feidhmeanna Ranna eile seachas an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta”.

Ag eascairt as plé oscailte an chruinnithe, aontaíodh na rudaí seo a leanas bunaithe ar mholtaí an tslua:

  • feachtas láidir leanúnach a eagrú
  • grúpa oibre a chur ar bun le comhordú a dhéanamh ar an bhfeachtas
  • go ndéanfaidh Conradh na Gaeilge rúnaíocht ar an ngrúpa
  • go n-eagrófar léirsiú mór go luath le tacaíocht an phobail a mhealladh don fheachtas

Tá beartaithe anois tabhairt faoi chéimeanna ar leith láithreach i dtaca cur i bhfeidhm na moltaí thuas.

Tá iarrtha ar aon duine nó grúpa a bhfuil spéis acu bheith mar chuid den ghrúpa oibre é a chur in iúl d’Ard-Rúnaí an Chonartha, julian@cnag.ie, roimh 12.00pm Dé hAoine, 17 Eanáir. Cuirtear in iúl go bhfuil ionadaíocht leathan ag teastáil, le hionadaíocht thuaidh, theas agus ón nGaeltacht san áireamh.

Mar ghníomh thosaigh, beidh straitéis don fheachtas le socrú ag baill an bhoird, ag tógáil na moltaí ón gcruinniú poiblí ar bord, agus tabharfar aghaidh láithreach ar phlean a chur in áit maidir le léirsiú mór air a bheas ar siúl i mBaile Átha Cliath ar Dé Sathairn, 15 Feabhra 2014, ag 2.00pm.

Tá i gceist go mbeidh an feachtas ag feidhmiú go láidir sula n-éiríonn an Coimisinéir Teanga as a ról ar 23 Feabhra 2014.

Foilsithe ar Gaelport.com