Méid an Téacs

Féile an Droichid 2012

Lúnasa 10, 2012

Beidh Féile an Droichid á reáchtáil ag Ionad Cultúir ‘An Droichead’ don cheathrú bliain as a chéile i mBéal Feirste.  Maireann an fhéile ar feadh deireadh seachtaine amháin ó 23-26 Lúnasa agus beidh neart imeachtaí éagsúla á reáchtáil a fheileann do gach cineál aoisghrúpa.
Cuirfear tús le mór-imeachtaí na Féile ar 23 Lúnasa le hoíche mhór cheoil leis an amhránaí sean-nóis iomráiteach, Iarla Ó Lionáird as Cúil Aodha in Iarthar Chorcaí agus é in éineacht laoch an cheoil ghiotáir Steve Cooney as Melbourne na hAstráile. Beidh an cheolchoirm speisialta seo ar siúl san ionad ealaíon úr ‘An Mac’ ag 8 pm.
An oíche dár gcionn beidh scoth an cheoil le cloisteáil sa Droichead le beirt cheoltóirí aitheanta, Caoimhín Ó Raghallaigh agus Breandán Ó Beaglaoich. Tá an bheirt seo ag nascadh cheol an bhosca agus cheol na fidle le chéile ar bhealach draíochtúil agus is cinnte go gcuirfear an lucht féachana faoi gheasa ar an oíche seo. Ní strainséir é Caoimhín Ó Raghallaigh don fhéile áfach. Bhí sé féin agus Iarla Ó Lionáird mar bhaill den ghrúpa ceoil comhaimseartha ‘The Gloaming’ a sheinn ag príomh-cheolchoirm na féile anuraidh. Tosóidh an cheolchoirm ag 7.45pm. in ionad ‘An Droichead’ ar Dé hAoine, 24 Lúnasa.
Ansin Dé Sathairn ag an ionad agus an t-am céanna, cloisfear cónascadh iontach le ceol an bhasúcaí, an chonsairtín, na bpíopaí uillinn agus an mhéarchláir le Dónal Lunny Pádraig Rynne, John McSherry agus Graham Henderson. Seo an chéad uair don ghrúpa seo ceol a chasadh le chéile ach tá clú agus cáil bainte amach acu mar cheoltóirí aonair.
I measc na n-imeachtaí eile a chuirfear ar fáil, beidh na scannáin mhóra Ghaeilge ‘ Mise Éire’ agus ‘Poitín’ á dtaispeáint san QFT (Queens Film Theatre), reáchtálfar taispeántas ceirníní I Halla Uladh, dianchúrsaí Gaeilge / Gaidhlig, ceardlanna consairtín agus basúcaí leis na máistrí ceoil Padraig Rynne agus Dónal Lunny, ceardlanna bodhráin, feadóige móire agus fífe chomh maith le neart seisiún ceoil i rith na féile uile.
Cuirfear rang ealaíne ‘Seisiún Graffiti’ agus rang gluaiseachta ar fáil do pháistí chomh maith. Beidh sonraí maidir le gach imeacht ar fáil ar www.androichead.com