Méid an Téacs

FÉILTE COIRM GAEL LINN 2017 BUAILTE LINN!

Feabhra 6, 2017

FÉILTE COIRM GAEL LINN 2017 BUAILTE LINN!

Tá scoláirí bunscoile agus a gcuid múinteoirí ó Dhún na nGall go Daingean Uí Chúis ag ullmhú faoi láthair do fhéilte COIRM GAEL LINN 2017!   Léireoidh suas le 75 scoil, idir Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta, seóanna scoile in amharclanna timpeall na tíre i rith mhí Feabhra agus mí an Mhárta. Beidh a rogha téama ag gach scoil, agus beidh meascán de mhíreanna – drámaíocht, ceol, amhránaíocht, scéalaíocht, aithriseoireacht, rince agus a leithéid – i ngach seó.  Ní comórtas atá i gceist le COIRM ach tabharfar aitheantas (i bhfoirm ghradaim) do sheónna nó do mhíreanna as seónna a léireoidh ardchaighdeán ag na féilte. Agus chun cur le hatmaisféar na féile, beidh siamsóirí i láthair  chun  gáire a bhaint as an lucht féachana  idir mhíreanna ! Cuirfear tús le nach mór gach féile  c. 10.30 a.m. agus beidh fáilte roimh lucht féachana ach eolas a chur chuig Gael Linn ( 01:6751200 ) roimhré.  Bí linn don spórt agus spraoi !
Naoi gcinn ar fad de fhéilte aonlae a bheidh sa tsraith:

  • Déardaoin 2  Feabhra 2017 – Amharclann Phlás an Mhargaidh, Ard Mhacha
  • Dé Céadaoin 8 Feabhra 2017 – Amharclann an Ionaid Óige, Mainistir Fhear Maí
  • Déardaoin 9 Feabhra 2017 – Amharclann Naomh Mícheál, Ros Mhic Thriúin
  • Déardaoin 9  Feabhra 2017 – An Grianán, Leitir Ceanainn
  • Dé Máirt 14 & 15 Feabhra 2017 – Amharclann Clasach, Fionnradharc, BÁC
  • Déardaoin 16 Feabhra  2017 – An tÁras Ealaíne, An Muileann gCearr
  • Dé Máirt 28 Feabhra/Dé Céadaoin 1 Márta 2017  – Amharclann na Cathrach, Gaillimh
  • Dé Máirt 7 Márta 2017  – Siamsa Tíre, Trá Lí
  • Déardaoin 9 Márta 2017 – Amharclann an Hawk’s Well, Sligeach