Méid an Téacs

Fíbín ar camchuairt arís leis ‘An Triail’

Meán Fómhair 3, 2015

PRÍOMH ÍOMHÁ

Tá Fíbín ar ais ar camchuairt arís i mbliana leis ‘An Triail’, le Máiréad Ní Ghráda, an dráma clasaiceach Nua-Ghaeilge a bhfuil ardmholadh faighte aige atá dírithe ar scoláirí Ardteistiméireachta – ach seo leagan ar leith de ‘An Triail’ i stíl Fíbín ar ndóigh! Téann Fíbín i ngleic le ceisteanna a ardaíonn múinteoirí agus scoláirí araon, trí phlota a bhreathnaíonn as dáta a thabhairt isteach i gcomhthéacs sochaí nua-aimseartha ag baint úsáid as puipéid, maisc, radhairc tharraingteacha agus léirithe daonna chun lucht féachana óg, ach go háirithe a mhealladh ar bhealach a thagann le saol na linne seo agus gur féidir teacht ar seó go héasca. Téann an léiriú seo i bhfad lasmuigh den nádúr dubh agus bán atá sa chaint agus cuidíonn an seó na constaicí san fhoghlaim a shárú le seó fuinniúil, mealltach agus greannmhar.

Tá ócáid drámaíochta á cruthú againn do dhaltaí a thacóidh lena gcuid staidéir ar an téacs féin chomh maith le léargas a thabhairt dóibh ar an amharclannaíocht agus ar na hEalaíona araon.

 

Dataí & Ionaid:

AXIS Baile Munna, BAILE ÁTHA CLIATH: 9-13 Samhain. Guth: 01-883 2100

Amharclann George Bernard Shaw, CEATHARLACH: 19 & 20 Samhain. Guth: (059) 917 2400

An Taibhdhearc, GAILLIMH: 24-27 Samhain. Guth: (091) 563 600

Amharclann Dean Crowe, BAILE ÁTHA LUAIN: 30 Samhain & 1 Nollaig. Guth: (090) 64 92129

69 O’Connell St. (sean Belltable), LUIMNEACH: 3 & 4 Nollaig.  Guth: (061) 774 774

Tá costas €12.50 ar na ticéid agus rachaidh múinteoirí saor in aisce!!