Méid an Téacs

Fócasghrúpa faoi Mhatamaitic na Bunscoile in Ionad Oideachais na Gaillimhe

Eanáir 25, 2016

Beidh fócasghrúpa faoi Mhatamaitic na Bunscoile ar siúl in Ionad Oideachais na Gaillimhe ar an 28 Eanáir ag 4 i.n. Is ceann de shraith fócasghrúpaí é seo atá ag tarlú in ionaid oideachais ar fud na tíre. Is é aidhm an tseisiúin tuairimí múinteoirí a chloisteáil agus a gcuid creidiúintí agus luachanna faoi theagasc agus faoi fhoghlaim na matamaitice a fhiosrú. Is iad na réimsí seo a leanas a fhiosrófar san fhócasghrúpa:
• Pleanáil
• Teagasc agus Foghlaim sa seomra ranga
• Measúnú
• Acmhainní

Is féidir le múinteoir nó príomhoide gur spéis leo a bheith páirteach san fhócasghrúpa clárú trí dhul i dteagmháil leis an Ionad Oideachais i nGaillimh. Reáchtáilfear an seisiún trí mheán na Gaeilge. Beidh na tuairimí a nochtar sna seisiúin seo mar bhonn eolais faoi na forbairtí i Matamaitic na Bunscoile.

TÁ SÉ FÍOR-THÁBHACHTACH GO BHFREASTALÓIDH MÚINTEOIRÍ Ó SCOILEANNA GAELTACHTA AGUS LÁN-GHAEILGE AR AN bhFÓCAS GRÚPA LENA CHINNTIÚ GO MBEIDH A dTUAIRIMÍ AGUS A RIACHTANAIS SAN ÁIREAMH.