Méid an Téacs

Foghlaim conas clár raidió a dhéanamh le Raidió na Life an samhradh seo!

Iúil 8, 2014

Ar mhaith leat foghlaim conas a oibríonn na meáin chumarsáide?

Feabhas a chur ar do chuid scileanna taighde is cumarsáide?

Agus oibriú mar chuid d’fhoireann chun clár raidió a dhéanamh?

Le dianchúrsaí seachtaine ‘Tuiscint ar na Meáin & Conas Thú Féin a Chur in Iúl’ i Raidió na Life, foghlaimeoidh tú faoi na nithe thuas agus déanfaidh tú clár raidió i rith an chúrsa.

Dátaí:

CÚRSA 1: 11 – 15 Lúnasa, 10:00 – 15:00

CÚRSA 2: 25 – 29 Lúnasa, 10:00 – 15:00

Costas: €150

Ionad: Raidió na Life, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2.

Gach eolas ar fáil ar an bpóstaer faoi iamh.

Le Cáiliúchán FETAC Leibhéal 3 le baint amach ar chríochnú an chúrsa, tá na cúrsaí seo dírithe orthu siúd nach bhfuil aon taithí raidió acu roimhe seo agus tá siad oiriúnach go háirithe do dhaltaí meánscoile agus mic léinn ollscoile.

Le haghaidh tuilleadh eolais, nó chun d’áit a chur in áirithe le haghaidh cúrsa, déan teagmháil linn i Raidió na Life ar 01-6616333 nó ag eolas@raidionalife.ie