Méid an Téacs

Fostaí nua Aitheantas ag eagrú cruinnithe poblí ar son na Gaelscolaíochta

Meán Fómhair 21, 2011

Tá Caitríona Bairéad ina hOifigeach Forbartha nua ag Aitheantas, comhfheachtas ar son na Gaelscolaíochta, agus tá sraith de chruinnithe poiblí maidir le Gaelscoileanna áitiúla a bhunú eagraithe aici i gCo. Átha Cliath agus i gCo. Chill Dara don tseachtain seo chugainn.

Tháinig Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge agus Glór na nGael le chéile faoi bhrat an chomhfheachtais Aitheantas anuraidh mar gheall ar an easpa fáis i líon na scoileanna lánGhaeilge a bhí á oscailt le blianta beaga anuas, agus beidh Caitríona Bairéad anois ag tabhairt faoi Ghaelscoileanna nua a bhunú i gceantair éagsúla timpeall na tíre ina ról nua leis an bhfeachtas. Beidh cruinnithe poiblí á reáchtáil ag Aitheantas chun coiste bunaithe ar son na Gaelscolaíochta sa cheantar áitiúil a chruthú ag Draíocht, Ionad Bhaile Bhlainséir, Dé Luain, 26 Meán Fómhair 2011; Óstán Maldron, Bealach Bhaile an Fhaoitigh, Tamhlacht, Dé Máirt, 27 Meán Fómhair 2011; agus Ionad Oideachais Chill Dara, Friary Road, Cill Dara, Dé Céadaoin, 28 Meán Fómhair 2011, le gach cruinniú ag rith ó 8.00 – 9.00in.

Dúirt Caitríona Bairéad, Oifigeach Forbartha nua an chomhfheachtais Aitheantas: “Tá an Ghaelscolaíocht ina gné ríthábhachtach d’athbheochan na Gaeilge lenár linn agus mar Oifigeach Forbartha le hAitheantas, táim ag súil leis an éileamh ar an nGaelscolaíocht i gceantair éagsúla fud fad na tíre a léiriú agus a láidriú sna míonna amach romhainn, ag tosú leis na cruinnithe i gCúige Laighean an tseachtain seo chugainn.” Níl easpa taithí ag Caitríona ar obair in earnáil na Gaeilge ó bhain sí céim amach sna hilmheáin in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath sular thosaigh sí ag obair le Seachtain na Gaeilge i 2008, áit go raibh sí ag feidhmiú mar Oifigeach Riaracháin agus Tacaíochta ar feadh dhá bhliana. Fad agus a bhí sí ag obair leis an bhféile náisiúnta Ghaeilge, rinne sí iarchéim i mBainistíocht Imeachtaí Cultúrtha in Institiúid Ealaíona, Dearadh agus Teicneolaíochta i nDún Laoghaire agus tá sí ag tnúth le tabhairt faoin dúshlán úr atá os a comhair amach anois agus í ag obair le hAitheantas ar son na Gaelscolaíochta.

“Agus aitheantas oifigiúil faighte ag Gaelscoil na Mí ón Roinn Oideachais agus Scileanna níos luaithe i mbliana, táim cíocrach le tógáil ar an obair sin agus le cabhrú le tuismitheoirí gur mian leo oideachas lánGhaeilge a thabhairt dá bpáistí,” arsa an Bairéad Bleá Cliathach. “Chun ceart na dtuismitheoirí sin a chinntiú, tá Aitheantas ag éileamh ar an Roinn Oideachais agus Scileanna go n-úsáidfí soláthar an Ghaeloideachais mar chritéir agus áiteanna nua á roghnú acu do gach cineál scoile amach anseo, idir bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna, chun freastal mar is cóir a dhéanamh ar an éileamh náisiúnta don oideachas lánGhaeilge.” Beidh Caitríona Bairéad anois ag obair as oifigí Fhoras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge (An Foras Pátrúnachta) i Maigh Nuad, agus tá sí féin agus an fhoireann ann ar fáil le labhairt le héinne gur mian leo tacaíocht nó cúnamh a thabhairt don bhfeachtas ar son na Gaelscolaíochta.

Caitríona Bairéad
Oifigeach Forbartha, Aitheantas
+353 (0)86 3965045 / caitriona@foras.ie

Caoimhín Ó hEaghra
Ard Rúnaí, An Foras Pátrúnachta
+353 (0)86 1738044 / Caoimhin.OhEaghra@mie.ie