Méid an Téacs

Gaelcholáiste nua i nDún Droma – Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Samhain 1, 2011

Le cúig bliana anuas tá coiste de thuismitheoirí le páistí i ngaelscoileanna an cheantair tar éis feachtas a eagrú chun go mbunófaí meánscoil nua lán-ghaelach i nDeisceart Bhaile Átha Cliath.  Mar sin tá áthas orainn an nuacht a bhíomar ag tnúth chomh mór sin leis a chloisteáil le déanaí, sé sin go n-osclófar Gaelcholáiste nua i nDún Droma sa bhliain 2014. An t-ainm a moltar don scoil seo, a mheastar a bheidh ar láthair ar Bhóthar Sydenham atá lámh le sráidbhaile Dhún Droma, ná “Gaelcholáiste an Phiarsaigh”, in ómós do Phádraigh Mac Piarais, oideachasóir nuálaíoch agus bunaitheoir ar an gcéad scoil lán-ghaelach, Scoil Éanna, sa bhliain 1908, i dTeach Cullenswood i Raghnallach. Bhog an scoil seo amach go Ráth Fearnáin, go dtí an áit a ghlaotar Páirc Éanna uirthi anois, sa bhliain 1912, agus rinne sí freastal ar an bpobal go dtí an bhliain 1932. Dearbhaíodh bunú Ghaelcholáiste an Phiarsaigh i litir a tháinig ón Roinn Oideachais a eisíodh mar thoradh ar ráiteas oifigiúil ón Uasal Ruairí Quinn, an tAire Oideachais agus Scileanna, i rith an tsamhraidh, 2011.

Gabhaimid buíochas ó chroí leis na tuismitheoirí, leis na daltaí agus leis na múinteoirí ar fad a thug tacaíocht chomh díograiseach don bhfeachtas seo agus a chuidigh linn an toradh thar-a-bheith suntasach seo a bhaint amach.  Go luath, beidh fíor-rogha i gcúrsaí oideachais ag an bpobal i ndeisceart ár gcathrach, agus is céim mhór chun cinn do Ghaeilge sa cheantar í seo freisin.

Cé go bhfuil díomá orainn nach mbeidh an deis ag na páistí atá i Ranganna 6 agus 5 an bhliain seo freastal ar an nGaelcholáiste, tá áthas orainn go mbeidh an deis ag na páistí atá anois i Rang 4 agus faoina bun buntáiste a bhaint as an scoth-rogha oideachais a bheidh á cur ar fáil ag an nGaelcholáiste. Ón mbliain 2014 ar aghaidh beidh rogha níos fairsinge ó thaobh na meánscolaíochta lán-ghaelaigh de, ag na páistí sa cheantar, agus i ndáiríre, don chéad uair riamh, beidh fíor-dheis ag neart teaghlach oideachas meánscolaíochta trí mheán na Gaeilge a roghnú dá bpáistí.

De réir rialacha na Roinne Oideachais roghnaítear pátrún scoile nua ar bhonn iomaíochta. Is é Coiste Gairmoideachais (.i.VEC) Chontae Bhaile Átha Cliath rogha-phátrún choiste an Ghaelcholáiste ón mbliain 2005 agus an-tacaíocht tugtha aige don fheachtas. Beidh an Coiste Gairmoideachais ag déanamh iarratais ar  phátrúnacht Ghaelcholáiste an Phiarsaigh, iarratas a bheidh an-láidir mar thoradh ar an sain-taithí atá aige ar na cursaí seo, a riar áiseanna agus airgeadú cuí.  Is léir ó na céadta litreacha tacaíochta ar fad a tháinig ó thuismitheoirí, ó dhaltaí, agus ó scoileanna áitiúla atá ann cheana, mar aon lé ráitis tacaíochta ó eagrais chomhluadair áitiúla agus ó ionadaithe tofa, gurb é Coiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath a bheadh mar phátrún ar an scoil nua, agus beidh an coiste againne á chur seo faoi bhráid na Roinne Oideachais i litir tacaíochta.  Táthar ag súil go seolfaidh pátrúin ionchasacha, Coiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath ina measc, eolas ag scoileanna agus ag tuismitheoirí maidir leis an ngaelcholáiste nua sna seachtainí atá romhainn, agus go ngairmfear cruinniú ginearálta ar an 29ú Samhain, ag láthair atá fós le cinntiú.

Sna míonna atá ag teacht, tá sé i gceist againn imeachtaí spóirt agus cultúrtha a eagrú do na daltaí atá anois i Rang 4 sna gaelscoileanna áitiúla ar fad. Táimid ag súil go gcruthóidh sé seo líonra cairdis idirscoile nua, rud a bheidh tábhachtach chun comhluadar láidir a bhunú sa Ghaelcholáiste. Beimid i dteagmháil libh le tuilleadh eolais ag an am cuí. Bheadh fáilte i gcónaí ó éinne a bheadh ar fáil chun cúnamh a thabhairt leis na himeachtaí a eagrú agus iad a chur sa tsiúil.

Is sinne le mór-mheas,

Coiste Bunaithe,

Gaelcholáiste an Phiarsaigh,

Dún Droma.