Méid an Téacs

Gaelcholáistí ainmnithe sa suirbhé Parent Power de chuid an Sunday Times

Meitheamh 4, 2013

Gabhann GAELSCOILEANNA TEO. comhghairdeas mór leis na Gaelcholáistí atá ainmnithe sa suirbhé Parent Power de chuid an Sunday Times ar an 2 Meitheamh de bharr a rathúil is atá leibhéal an aistrithe go dtí an 3 leibhéal oideachais. I measc an chéad 20 scoil fud fad na tíre tá 6 scoil lán-Ghaeilge, toradh fíor-shuntasach nuair a thógtar san áireamh nach bhfuil ach 4.9% d’iar-bhunscoileanna sna 26 contae lasmuigh den Ghaeltacht gur gaelcholáistí iad nó a bhfuil aonad lán-Ghaeilge iontu. Is léiriú é an toradh seo ar ardchaighdeán an oideachais lán-Ghaeilge maraon le díograis agus tiomantas na ndaltaí, múinteoirí agus na dtuismitheoirí. Go raibh fada buan sibh! Léiríonn an toradh seo gur fiú go mór infheistíocht na Roinne Oideachais agus Scileanna sna scoileanna lán-Ghaeilge agus tugann sé bunús d’iarratais leanúnacha GAELSCOILEANNA TEO. ar an Roinn do bhreis soláthar ag an iarbhunleibhéal ach go háirithe chun go mbeidh buntáistí an oideachais lán-Ghaeilge ag líon níos mó daltaí sa tír.

Guíonn GAELSCOILEANNA TEO. gach rath ar na daltaí ar fad a bheidh ag tabhairt faoin dTeastas Sóisearach agus faoin Ardteist sna laethanta atá romhainn.