Méid an Téacs

Gaelscoil Moshíológ ag troid na ciorraithe sa cóimheas daltaí le múinteoirí

Eanáir 17, 2012

Tá feachtas eagraithe ag Gaelscoil Moshíológ le cur i gcoinne na ciorraithe sa cóimheas daltaí le múinteoirí. Chaill an scoil múinteoir le déanaí de dheasca na ciorraithe agus tá siad buartha go n-imreoidh na ciorraithe tuilleadh droch-thionchar ar an scoil. Éilíonn siad ach go háirithe go mbeadh ciorruithe bunaithe ar líon na ndaltaí reatha sna scoileanna, seachas ar uimhreacha na bliana roimhe. Tá breis agus 460 síniú bailithe acu ar achainí atá le seoladh chuig an Aire, agus tá litreacha scríofa ag tuismitheoirí chuig na comhairleoirí agus Teachtaí Dála áitiúla agus chuig an Uachtarán, Michael D. Higgins. Ba mhór leo tacaíocht a fháil ó scoileanna eile agus ó mórphobal na Gaeilge agus na gaelscolaíochta, agus is féidir tuilleadh eolais maidir leis an bhfeachtas a fháil ar Facebook nó trí teagmháil a dhéanamh leis an scoil.

Ráiteas ó phobal na scoile:

Sa bhliain 2011, athraíodh an cóimheas dalta-múinteoir i nGaelscoileanna, chun iad a chur ar chomhchéim le scoileanna eile. Mothaímid, áfach, go dteastaíonn níos mó tacaíochta oideachasúla ó pháistí a fhreastalaíonn ar Ghaelscoileanna, toisc go bhfuil siad sáite i dteanga nach í a máthairtheanga í.

Tá sé fíorthábhachtach dúinn nach mbeadh drochthionchar ag na ciorraithe ar oideachas ár leanaí. Agus muid dá dtumadh i dteanga agus cultúr na hÉireann, ba mhian linn go mbeadh na deiseanna céanna acu agus a mbeadh dá bhfreastalóidís ar scoil lárshrutha.

Is mór againn an deis a chur ar fáil dár bpáistí oideachas a fháil trína dteanga náisiúnta; tá súil againn go gcuirfidh siad féin an deis chéanna ar fáil don ghlúin aníos. Táimid ag iarraidh ort do chuid tacaíochta a thabhairt dúinn, agus úsáid a bhaint as do thionchar, chun béim a chur ar thábhacht ár gcultúr agus ár dteanga, chomh maith le tosaíocht a thabhairt don oideachas mar bhealach chun cinn dár leanaí.

Le do thoil, cinntigh nach gcosnóidh deisiú na heacnamaíochta ár sochaí agus ár gcultúr orainn.