Méid an Téacs

Gaelscoil na Cille – Tríocha Bliain faoi Bhláth

Deireadh Fómhair 13, 2011

Go bliantúil, is lá mór an chéad lá Meán Fómhair do dhaltaí scoile ach b’ócáid thar a bheith speisialta í i mbliana do phobal Ghaelscoil na Cille, i gCill Dhéagláin, Contae na Mí. Bhí císte mór, balúin agus aíonna speisialta ann ar an lá mar tá tríocha bliain slánaithe ó thosaigh céad príomhoide na scoile, Pádraig Ó Dufaigh, a chomhghleacaí Eibhlín Pléamonn agus buíon beag páistí amach ar an mbóthar mar scoil nua.

Sna blianta sin, tá oiliúint faighte ag breis is míle daltaí agus is iomaí duine díobh seo a chuir a bpáistí féin ag Gaelscoil na Cille freisin. Is iar-scoláirí beirt d’fhoireann teagaisc na scoile, Clár Ní Thuathail agus Deirdre Nic Uaid, agus bhí Clár i measc na scoláirí nua ar an lá stairiúil sin i 1981. Tá iliomad iar-scoláirí ina múinteoirí gaelscoile ar fud na tíre freisin, rud atá ina chúis áthais don scoil.

Tá clár cuimsitheach d’imeachtaí eagraithe ag an scoil chun deis cheiliúrtha a thabhairt do dhaltaí is tuistí an lae inniu, chomh maith le hiar-thuistí, iar-scoláirí agus an pobal áitiúil. I rith na bliana, reáchtálfar Dinnéar Comórtha, Aifreann Buíochais, Taispeántas Faisin, Clasaic Gailf agus Lá Spraoi. Féachann pobal Ghaelscoil na Cille chun na todhchaí le mórtas agus muinín tar éis Tríocha Bliain Faoi Bhláth.