Méid an Téacs

Gaelscoil na Mí

Lúnasa 31, 2011

Fáiltíonn an feachtas Aitheantas roimh oscailt Ghaelscoil na Mí i gCill Dhéagláin, Co. na Mí – an chéad Ghaelscoil oifigiúil le hoscailt le haitheantas ón Roinn Oideachais agus Scileanna le trí bliana anuas – ag 12.00 meánlae an Déardaoin bheag seo, 01 Meán Fómhair 2011.

Is bunscoil lánGhaeilge ilchreidmheach í Gaelscoil na Mí atá faoi phátrúnacht ag Foras Pátrúnachta na Scoileanna LánGhaeilge (An Foras Pátrúnachta) le haitheantas iomlán ón Roinn Oideachais agus Scileanna.

Tháinig na heagrais Ghaeilge Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge agus Glór na nGael le chéile faoi bhrat an chomhfheachtais Aitheantas anuraidh chun stocaireacht a dhéanamh ar son na Gaelscolaíochta, agus go háirithe chun tacú le tuismitheoirí Ghaelscoil Ráth Tó i gCo. na Mí nuair a diúltaíodh aitheantas don bhunscoil lánGhaeilge i 2010.

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Is mór an chúis cheiliúrtha é oscailt Ghaelscoil na Mí, ní hamháin do mhuintir Aitheantas agus do gach duine a thacaigh le tuismitheoirí Ghaelscoil Ráth Tó nuair a diúltaíodh aitheantas don scoil áitiúil anuraidh, ach do phobal na Gaeilge trí chéile.

“Tá an Ghaelscolaíocht ina crann taca do bhláth na teanga i measc an phobail le 20 bliain anuas, agus tá an Roinn Oideachais agus Scileanna le moladh as tábhacht na teanga sa cheantar seo i gCo. na Mí a aithint trí aitheantas iomlán a bhronnadh ar Ghaelscoil na Mí i mbliana.”

Go dtí go bhfuil suíomh buan aimsithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna don scoil, osclóidh Gaelscoil na Mí ar shuíomh sealadach in aice le clubtheach CLG Domhnach Mór i gCill Dhéagláin, Co. na Mí ar an chéad lá den téarma acadúil i mbliana, agus beidh an scoil nua ag freastal ar Chill Dheagláin, Ráth Tó agus na mórcheantair máguaird.

Dúirt Feargal Ó Cuilinn, Stiúrthóir Comhluadar: “Throid tuismitheoirí Ráth Tó go fíochmhar lena gceart le hoideachas lánGhaeilge a thabhairt dá bpáistí nuair a diúltaíodh aitheantas oifigiúil do Ghaelscoil Ráth Tó, agus tá toradh a gcuid oibre le feiceáil an tseachtain seo le hoscailt Ghaelscoil na Mí sa cheantar. Ba chóir don Roinn Oideachais agus Scileanna freastal mar is cóir a dhéanamh ar an éileamh náisiúnta don Ghaelscolaíocht, agus ceart gach tuismitheoir le hoideachas lánGhaeilge a chur ar a bpáiste a chinntiú, trí sholáthar an Ghaeloideachais a úsáid mar chritéir nuair atá áiteanna á roghnú do scoileanna amach anseo.”

TUILLEADH EOLAIS:

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
+353 (0)1 4757401 / +353 (0)86 8142757
julian@cnag.ie

Feargal Ó Cuilinn,
Stiúrthóir, Comhluadar.
+353 (0)1 4789191 / +353 (0)87 2908391
feargal@comhluadar.ie