Gaelscoil Ráth Tó le hoscailt gan aitheantas ón Roinn Oideachais
Aibreán 29, 2010
D’fhógair coiste bunaithe Gaelscoil Ráth Tó go bhfuil an scoil le bunú gan aitheantas na Roinne Oideachais i Meán Fómhair 2010. Ag labhairt ar son an choiste, dúirt an cathaoirleach Anita Sheppard go bhfuil tuismitheoirí agus eagraíochtaí Gaeilge ag tacú leo le Gaelscoil Ráth Tó a oscailt. Na heagraíochtaí bainteach leis an bhfeachtas “Aitheantas” ná an Foras Pátrúnachta, Glór na nGael, Comhluadar, Conradh na Gaeilge agus Gaelscoileanna Teo.
“In ainneoin gur dhiúltaigh an Roinn Oideachas aitheantas a thabhairt don scoil, cé go bhfuil gá le háiteanna scoile nua i Ráth Tó, tá an cinneadh tógtha againn leanúint ar aghaidh leis an scoil a bhunú ar bhonn neamhoifigiúil, le tacaíocht fhlaithiúil na heagraíochtaí Gaeilge thuasluaite. Beimid ag cur an-bhrú ar an Roinn aitheantas a thabhairt don scoil seo. Táimid ag obair le daoine sna heagraíochtaí thuasluaite a bhfuil rí-thaithí acu ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú agus a bhainistiú agus tá muid ar fad cinnte go mbainfidh an scoil aitheantas amach ón Roinn amach anseo,” a dúirt Anita Sheppard.
“Tá sé feicthe againn go bhfuil an-éileamh ar an scoil seo i Ráth Tó, ach diúltaíonn an Roinn idirdhealú a dhéanamh idir scoileanna nua ar bhonn teanga teagaisc na scoile. Ciallaíonn seo go bhfuil neamhaird á dhéanamh ag an Roinn ar cearta teanga na dtuismitheoirí agus a bpáistí agus creideann gach éinne bainteach leis an bhfeachtas seo nach féidir leanúint ar aghaidh sa staid seo. Ní hamháin go bhfuil aitheantas á lorg againn do Ghaelscoil Ráth Tó, ach táimid ag iarraidh go n athrófar critéir na Roinne i leith scoileanna nua a aithint, mar tá scoileanna lán-Ghaeilge nua faoi mhíbhuntáiste leis an gcóras atá ann faoi láthair. De dheasca seo, níor bunaíodh aon ghaelscoil nua ó 2008 agus ní léir ón Roinn go mbeidh aon athrú ar an staid seo,” a lean sí.
“Is ceist náisiúnta chomh maith le ceist áitiúil í seo mar go mbaineann sé le gluaiseacht na gaelscolaíochta i gcoitinne, ceann de na hearnálacha oideachais is mó fáis in Éirinn. Ba mhian linn go mbeadh cur chuige níos cothroma ag an Roinn maidir le scoileanna a bhunú a mhúinfeadh trí céad teanga oifigiúil an Stáit, dé réir Airteagal 8 i mBunreacht na hÉireann.