Méid an Téacs

Gaelscoil Riabhach – Brat Buí faighte!

Samhain 9, 2012

Tá áthas an domhain orainn a fhógairt go bhfuil an Brat Buí againn. Ba muid an chéad scoil i gCúige Connacht chun é a fháil agus tá muid an-bhródúil den obair a rinneadh anuraidh. Chuaigh dream ón scoil chun é a fháil Dé Máirt seo caite agus ba mhór an onóir é a fháil ó John Joe Nevin, an buaiteoir boinn Oilimpigh. Is scoil il-chreidmheach í Gaelscoil Riabhach agus is siombal é an Brat Buí den fáilte a chuirtear sa scoil roimh gach éinne agus den obair a dhéantar an t-am ar fad i gCroí na Scoile. An mhí seo céard a bhéas ar siúl againn nó á foghlam againn chun Croí na Scoile a láidriú?

http://gaelscoilriabhach.scoilnet.ie/blog/