Méid an Téacs

GAELSCOILEANNA NUA AG OSCAILT FAOI AN FORAS PÁTRÚNACHTA I 2012 AGUS 2013

Márta 8, 2012

D’fhógair  An t-Aire Ruairí Quinn de chuid An Roinn Oideachais agus Scileanna  an  cinneadh ar phátrúnacht do na bunscoileanna nua ag oscailt  i mí Mhéan Fómhair 2012, agus i Meán Fómhair 2013.

“Tá an-áthas ar An Foras Pátrúnachta go mbeidh trí Ghaelscoil nua ag oscailt faoin bpátrún idir 2012 agus 2013 i mBaile Átha Cliath. Tugadh le fios dúinn roimhe seo go mbeadh Gaelscoil an Chuilinn i Mullach Eadrad ag oscailt an bhliain seo agus anois tá fás tagtha ar líon na nGaelscoileanna faoin bpatrún  le dhá Ghaelscoil nua eile ag oscailt i dTamhlacht agus sa Chéim sa bhliain 2013”, a dúirt Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra. Roghnaigh An Roinn Oideachais ceantair áirithe timpeall na tíre ina fheictear dóibh go mbeidh fás suntasach sa  dhaonra ann sna blianta amach romhainn agus go mbeidh gá mar sin le tuilleadh scoileanna a oscailt iontu.

Rinne An Foras Pátrúnachta iarratais ar deich bunscoil nua i gceantair éagsúil i mBaile Átha Cliath, Cill Dara, Corcaigh agus Gaillimh i mí Dheireadh Fómhair, 2011. Thug an pátrún aird ar na riachtanais a leag An Roinn Oideachais amach do na pátrúin scoile ar  fad,  éagsúlacht phátrúin, iolarthacht agus éileamh thuistí, san áireamh. Fhad is atá an pátrún thar a bheith sásta go bhfuil líon na nGaelscoileanna ag fás, tá iontas  áfach ar An Foras Pátrúnachta nár tugadh aitheantas do dhá cheantar faoi leith, Baile an Chairpintéaraigh i mBaile Átha Cliath agus Baile Chill Dara. Dúirt ArdRúnaí Ó hEaghra  “go raibh neart tacaíochta agus éilimh léirithe don phátrún ó thuismitheoirí sna ceantair seo.” Fáilteoidh An Roinn Oideachais, áfach, leis an dara bhunscoil a oscailt mar Ghaelscoil i mBaile Chill Dara i 2014, más féidir le An Foras Pátrúnachta an t-éileamh a léiriú. Tá an pátrún anmhuiníneach gur féidir an coinníoll seo a chomhlíonadh. Chomh maith leis sin, beidh an ceathrú Gaelscoil ag oscailt i gCnoc na Cathrach, Gaillimh i 2013, ach beidh cinneadh á dhéanamh ag an Roinn ar phátrúnacht na scoile sin nuair a iarraidh An Roinn ar An Foras Pátrúnachta agus An Coiste Gairmoideachais, a rinne iarratas don scoil nua chomh maith, tuilleadh soléiriú a dhéanamh ar a gcuid n-iarratas .

Beidh An Foras Pátrúnachta ag eagrú cruinnithe poiblí amach anseo sna ceantair a bhfuil Gaelscoileanna á n-oscailt. Tá sé i gceist coistí bunaithe a chur le chéile sna ceantair seo mura bhfuil siad ann cheana. Is féidir réamh-chlárú a dhéanamh  idir an dá linn  le An Foras Pátrúnachta  ar www.foras.ie do na scoileanna nua seo.

Le haghaidh agallaimh nó tuilleadh eolais, dean teagmháil le: Caitríona Bairéad :: caitriona@foras.ie :: 01-6294110

Faoi An Foras Pátrúnachta:

Bunaíodh An Foras Pátrúnachta sa bhliain 1993 ionas go mbeadh rogha eile ag scoileanna maidir le pátrúnacht. Is pátrúnacht náisiúnta é An Foras Pátrúnachta do scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an meánleibhéal. Tá An Foras Pátrúnachta ina Phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach (Caitliceach /Protastúnach) acu.

An fhís atá ag An Foras Pátrúnachta ná oideachas lán-Ghaeilge den scoth a chothú, a fhorbairt agus a leathnú sa tír.

Tá An Foras Pátrúnachta aitheanta ag An Roinn Oideachais agus Scileanna mar chóras pátrúnachta atá inghlactha agus cuí do scoileanna ag an gcéad agus an dara leibhéal.