Méid an Téacs

Gníomhaíochtaí Gasta: leabhar nua do mhúinteoirí bunscoile ó Ghaelchultúr

Bealtaine 13, 2013

Bíonn go leor múinteoirí bunscoile ag iarraidh a theacht ar bhealaí níos éifeachtaí chun an Ghaeilge a mhúineadh, agus tá leabhar úrnua, Gníomhaíochtaí Gasta, foilsithe ag Gaelchultúr a thabharfaidh neart smaointe don seomra ranga do na múinteoirí sin. Tá 60 gníomhaíocht spraíúil chumarsáide le fáil sa leabhar, mar aon le pleananna ceachta, rud a chuirfidh ar chumas múinteoirí cumarsáid nádúrtha agus foghlaim éifeachtach a chothú sa rang Gaeilge.

Is féidir fótachóip a dhéanamh de na gníomhaíochtaí atá le fáil sa leabhar agus tá siad oiriúnach do dhaltaí i ranganna 3–6 i scoileanna T1 agus T2 araon.

Tá fiche gníomhaíocht fíorchumarsáide in Gníomhaíochtaí Gasta ina ndírítear ar na deich dtéama atá sa churaclam Gaeilge: Mé Féin, Sa Bhaile, Bia, Siopadóireacht, An Teilifís, Caitheamh Aimsire, An Aimsir, Éadaí, An Scoil agus Ócáidí Speisialta.

“Cé go bhfuil béim i gcúrsaí múinteoireachta ar an gcur chuige cumarsáideach le blianta, bíonn sé deacair teacht ar mhodhanna éifeachtacha le cumarsáid a spreagadh sa seomra ranga,” a deir Siobhán Patten, údar an leabhair. “Measaim gur acmhainn luachmhar a bheidh in Gníomhaíochtaí Gasta do mhúinteoirí bunscoile agus go gcabhróidh sé go mór leo scileanna teanga na ndaltaí a fhorbairt ar bhealach spraíúil, idirghníomhach.”

Tá treoracha cuimsitheacha le fáil in aonaid an leabhair maidir leis na gníomhaíochtaí fíorchumarsáide, chomh maith le moltaí i dtaca le gníomhaíochtaí réamhchumarsáide agus iarchumarsáide. Cuirfidh sé seo ar chumas an mhúinteora plé le gach aonad mar cheacht iomlán, más mian leis/léi déanamh amhlaidh. Is féidir, dar ndóigh, na gníomhaíochtaí fíorchumarsáide a úsáid ina n-aonar, mar shúil siar ar ábhar a múineadh cheana féin nó go díreach mar chluichí spraíúla ranga.

An cur chuige cumarsáideach atá i gceist tríd síos sa leabhar agus tá go leor de na feidhmeanna teanga atá leagtha síos sa churaclam Gaeilge le fáil ann.

Is as Acaill, Contae Mhaigh Eo, ó dhúchas í Siobhán Patten. Chaith sí roinnt mhaith blianta ag obair mar mhúinteoir bunscoile, agus ina dhiaidh sin mar oiliúnóir agus mar Bhainisteoir Sainchúrsaí le Gaelchultúr. Tá taithí leitheadach aici ar shiollabais, acmhainní teagaisc agus pleananna ceachta a fhorbairt.

Is féidir Gníomhaíochta Gasta a cheannach ar www.siopa.ie ar €34.95.

Le féachaint ar ábhar samplach ón leabhar, cliceáil anseo.

Tá Gaelchultúr buíoch de COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) as tacaíocht airgid a chur ar fáil do Gníomhaíochtaí Gasta.

www.gaelchultur.com