Méid an Téacs

#Gtuít: Tweetup do phobal na Gaeilge

Meán Fómhair 11, 2012

Tá fáilte roimh lucht na Gaeilge ar líne freastal ar an Gtuít, an chéad tweetup as Gaeilge sa Culture Box, 12 Sráid Essex Thoir i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath, Déardaoin 27 Meán Fómhair ón 6.00-7.15. Ag an ócáid, pléifear na forbairtí is úire atá ag titim amach ar an idirlíon agus sna meáin dhigiteacha.

Is é príomhshuíomh eolais na Gaeilge, Gaelport.com atá i mbun na hócáide a eagrú. “Tá sé tráthúil go mbeidh an ócáid seo ar siúl”, dar le Niamh Ní Shúilleabháin Eagarthóir Gaelport.com, “tráth a bhfuil méadú mór ar an líon duine a bhíonn ag baint tairbhe as an nua-theicneolaíocht ar mhaithe le cumarsáid a dhéanamh agus is fíor sin i gcás na Gaeilge chomh maith”.

“Tá i gceist againn deis a thabhairt do Ghaeilgeoirí agus do dhaoine a bhfuil suim acu i gcúrsaí teicneolaíochta, gréasánú a dhéanamh lena chéile agus aithne phearsanta a chur ar na daoine a bhíonn ag tuíteáil as Gaeilge agus a bhíonn ag glacadh páirte sna líonraí sóisialta eile trí mheán na Gaeilge.

Tá an ócáid bunaithe ar mhúnla an tweetup agus is minic a bhuaileann leantóirí Twitter lena chéile ag na hócáidí seo. Meascán idir tweetup agus seisiún eolais atá i gceist agus beidh an ócáid seo oscailte do gach aon duine a bhíonn ag úsáid na láithreáin líonraithe shóisialta Twitter, Instagram, Pinterest, LinkedIn, Facebook, Google+ agus an láithreán líonraithe shóisialta Ghaeilge, Abair leat ina
measc.

“ Tá áthas orainn go mbeidh Mícheál Ó Foighil, duine de bhunaitheoirí Abair Leat i láthair ag an ócáid agus tabharfaidh sé cur síos ar fheachtas Choláiste Lurgan atá tar éis dul i bhfeidhm ar an aos óg ar líne ar YouTube agus ar na meáin shóisialta eile” a deir sí.
Chomh maith leis sin, tá beartaithe go mbeidh Fiachra Ó Marcaigh, stiúrthóir an chomhlachta comhairleoireachta idirlín Amas in ann tuar a thabhairt ar na forbairtí atá le titim amach i gcúrsaí teicneolaíochta sa bhliain atá amach romhainn.

“Táimid ag súil go gcuirfidh an #Gtuít tús leis an bplé agus go spreagfar forbróirí, blagadóirí eagraíochtaí Gaeilge agus daoine eile i dtreo tionscadail dhigiteacha úra eile a fhorbairt amach anseo a rachaidh chun tairbhe do chainteoirí Gaeilge agus d’fhoghlaimeoirí araon”, a deir Ní Shúilleabháin.

Beidh an #Gtuít ar siúl ó 6.00-7.15 sa Culture Box, 12 Sráid Essex Thoir, Barra an Teampaill, Déardaoin 27 Meán Fómhair. Beidh fáilte roimh chách. Moltar an haischlib #Gtuít a úsáid más mian le lucht an #Gtuít blagáil agus tweetáil beo a dhéanamh le linn na hócáide.
Is tionscadal digiteach de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge é Gaelport.com agus tá sé urraithe ag Foras na Gaeilge. Ba mhaith le Gaelport.com aitheantas a thabhairt don tacaíocht atá curtha ar fáil ag Taisce Chultúrtha Bharra Teampaill don ócáid.

Tuilleadh eolais ar fáil ó Niamh Ní Shúilleabháin: 01 679 4780/0879624868 niamh@gaelport.com
www.gaelport.com/guit