Méid an Téacs

IMRAM 2014 – Clár na Féile

Meán Fómhair 30, 2014

Tá áthas ar an bhféile litríochta Gaeilge IMRAM clár 2014 a fhógairt ina bhfuil manglam measctha meisciúil – ceol, drámaíocht, filíocht agus prós, taispeántais, léachtaí, lainseálacha leabhar, díospóireachtaí, ceardlanna agus danphóstaeir i lár na cathrach.

Ag cur síos ar an gclár dó, arsa stiúrthóir IMRAM, LIAM CARSON:

‘Arís i mbliana, cruthaíonn IMRAM go bhfuil litríocht agus ealaíona na Gaeilge fuinniúil forásach agus ag cur thar maoil le saibhreas na samhlaíochta. Cúis áthais ar leith dúinn i mbliana Amhráin na Saoirse/ Redemption Songs a chur i láthair an phobail, amhráin mhóra le Bob Marley á rá ag Liam Ó Maonlaí agus Bréag agus aoi speisialta Natty Wailer (iarbhall de bhanna clúiteach Bhob); agus Port a’ tSaoil/ Jig of Life, amhráin mhóra Kate Bush á rá ag Caitríona O’Leary. Na hamhráin traschruthaithe i nGaeilge ghleoite ag an bhfile Gabriel Rosenstock. Beidh na liricí agus íomhánna comhoiriúnacha á dteilgean ar scáileán ag Margaret Lonergan.’

I measc na míreanna suntasacha eile tá The Wheelchair Monologues, seó aonair nua Aisling Ghéar, ina gcaitheann Gearóid Ó Cairealláin súil siar ar a shaol ó leag stróc é agus é ocht mbliana is dhá scór d’aois. Ná caill Tionscadal an Ríordánaigh, seó ilmheánach a cheiliúrann an Corcaíoch conspóideach, Seán Ó Ríordáin, file, colúnaí, dialannaí agus aoi speisialta, an t-amhránaí snagcheoil nótáilte Melanie O’Reilly.

Mar atá déanta aige ó thús, déanann IMRAM an litríocht a chomhtháthú le disciplíní eile agus i mbliana thug léachtóirí san Institiúid Teicneolaíochta, Clare Bell agus Brenda Dermody samplaí den fhilíocht chomhaimseartha dóibh siúd atá ag déanamh staidéir ar an dearadh agus ar an gclóghrafaíocht féachaint conas d’fhreagróidís dóibh. Roghnaíodh saothar le Doireann Ní Ghríofa, Marcus Mac Conghail, Gabriel Rosenstock, Séamus Barra Ó Súilleabháin agus Mícheál Ó hAodha le haghaidh an taispeántais. Tá triocha láthair i lár na cathrach faighte ag IMRAM chun saothar na mac léinn a phoibliú i gcaitheamh na féile. Coinnigh súil in airde!

CLAR IOMLÁN NA FÉILE: www.imram.ie