Méid an Téacs

Ionad Tacaíochta Teaghlaigh do Bhaile Átha Cliath

Bealtaine 19, 2015

Tá sé tábhachtach céim siar a thógáil anois agus arís agus aitheantas a thabhairt ar an méid atá bainte amach againn mar phobal.

Is cúis bróid í do phobal na Gaeilge sa phríomhchathair an fás leanúnach atá tagtha ar líon na n-institiúid lán-Ghaeilge atá ag feidhmiú ar bhonn laethúil.

I mBaile Átha Cliath tá c55 naíonra (seisiúnach – oscailte de ghnáth idir 9-12/1.30), 34 ghaelscoil (2 cheann nua beartaithe), 10 ngaelcholáiste, 25 club óige lán-Ghaeilge, c4000 mac léinn cláraithe le Cumainn Gaelaigh in institiúid tríú leibhéil na cathrach mar aon le Na Gaeil Óga CLG atá ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge.

Tá fás pobal labhartha na Gaeilge le sonrú i bhfigiúr an daonáireamh deiridh (2011) le 77,048 ag maíomh go labhraíonn siad as Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais anois:

http://census.cso.ie/sapmap2011/Results.aspx?Geog_Type=CTY&Geog_Code=02&CTY=02#T3_310

In ainneoin iarrachtaí an phobal bríomhar seo, tá easnamh ar leith atá ríshoiléir do na hiardhaltaí agus do na múinteoirí sin a roghnaíonn a gcuid leanaí a thógáil le Gaeilge.

Níl aon ionad sa phríomhchathair ag soláthar cúram leanaí lán-Ghaeilge don aoisghrúpa 0-3* bliana.

Chomh maith, níl aon ionad ag soláthar tacaíochtaí do réamhthuismitheoirí atá ag machnamh ar a leanaí a thógáil le Gaeilge nó do thuismitheoirí atá ag tógáil a gcuid leanaí le Gaeilge ar bhonn laethúil.

Tá dea-shamplaí le sonrú i mbailte/ i gcathracha eile, mar shampla, le blianta beaga anuas bunaíodh Ionad Tacaíochta Teaghlaigh san Indreabhán le tacaíocht an Stáit.

Lena chois sin, i mBéal Feirste tá an eagraíocht pobal Ionad Uibh Eachach 25 bliain ar an bhfód ag soláthar réimse tacaíochta do thuismitheoirí (Gaelchúram leanaí lánlae & le déanaí suas go 16 rang Gaeilge sa tseachtain i measc seirbhísí eile) agus faoi láthair sa chathair chéanna, tá naíolann (seirbhís cúram leanaí lánlae) lán-Ghaeilge nua á bunú i mBéal Feirste darbh ainm Teach Mhamó.

Chuirfeadh ionad tacaíochta teaghlaigh seirbhísí tacaíochta ar fáil do theaghlaigh a dteastaíonn uathu a gcuid leanaí a thógáil le Gaeilge nó do theaghlaigh nach labhraíonn an Ghaeilge go hiondúil sa bhaile ach a thuigeann an tábhacht a bhaineann leis an tréimhse is luaithe i saol an linbh i bhforbairt scileanna teangeolaíochta agus a dteastaíonn uathu go mbeadh caighdeán an chainteora dúchais acu ón tús.

Chun freastal ar na riachtanais seo, ba mhaith linn grúpa oibre a bhunú chun Ionad Tacaíochta Teaghlaigh a fhorbairt agus ba mhór linn dá gcuirfeadh an t-ionad beartaithe na seirbhísí seo a leanas ar fáil do theaghlaigh:

  • Seirbhís Naíolainne Gaeilge.
  • Seirbhís cúram iarscoile.
  • Teacht le chéile do thuismitheoirí le páistí óga (m.sh. tuismitheoirí sa bhaile & máithreacha ar shaoire mháithreachais)
  • Seirbhís chomhairleach do lánúin nua atá ag smaoineamh ar a leanaí a thógáil le Gaeilge.
  • Seirbhís chomhairleach agus tacaíochta teanga do thuismitheoirí atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge nó ar mian leo teanga an teaghlaigh a iompú ó Bhéarla go Gaeilge. D’fhéadfaí amach anseo go gcuimseodh an tseirbhís seo cuairteanna baile ó chomhairleoirí teanga.
  • Ranganna Gaeilge do thuismitheoirí.
  • Teagmháil le heagraíochtaí eile sa cheantar agus sa réigiún a chuireann seirbhísí ar fáil do theaghlaigh agus do leanaí.
  • Teagmháil le grúpaí tuismitheoirí in áiteanna eile, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge nó le mionteanga eile.
  • Seirbhísí tacaíochta teaghlaigh eile ar a n-áirítear, mar shampla, seirbhísí ó Tusla, Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte agus cúrsaí do thuismitheoirí.

Oiriúnaithe ó Fnag.ie

Táimid ag iarraidh tacú leis na naíonraí agus na gaelscoileanna reatha atá ag feidhmiú ar ardchaighdeán timpeall na príomhchathrach.

Is togra pobal-bhunaithe comhoibríoch atá i gceist léi seo mar sin fáilteofar roimh do shaineolas, d’fhuinnimh, do chomhairle agus do thacaíocht.

Beidh an chéad chruinniú den togra seo ar siúl in Uimhir 6, Ceannáras Chonradh na Gaeilge, Sráid Fhearchair, BÁC 2 ag a 1i.n. ar an 16 Meitheamh 2015.

Más spéis leat cabhrú linn, tá leathanach ócáide cruthaithe againn ar Facebook (murar féidir leat freastal ar an gcruinniú seo ach spéis leat tacú linn nó bheith ar an eolas faoi dhul chun an togra, b’fhearr teagmháil díreach a dhéanamh linn ag ionadttbac@gmail.com):

https://www.facebook.com/events/1623094857914282/

*Roinnt naíonraí ceadaítear do na leanaí toiseach ar an naíonra roimh an tríú breithlá de ghnáth 2 bhliain 10 mí.