Méid an Téacs

Irish Grammar App – Gramadach na Gaeilge

Bealtaine 28, 2014

Is aip nua í ‘Irish Grammar App – Gramadach na Gaeilge’ a thabharfaidh deis do mhúinteoirí, daltaí, tuistí agus éinne a bhfuil suim acu sa Ghaeilge feabhas a chur ar a gcuid gramadaí. Beidh sé ar fáil ar iTunes agus Android ón 13ú Bealtaine 2014.

Is aip í seo a chabhróidh go mór le múinteoirí sa seomra ranga agus le tuistí agus daltaí sa bhaile. Is deis iontach í do dhaltaí atá ag tabhairt faoin Ardteiste agus Teastas Sóisearach chun a gcuid gramadaí a chleachtadh. Is féidir na rialacha gramadaí a fhoghlaim roinn ar roinn agus ansin tabhairt faoi scrúdú ag an deireadh. Is féidir í a úsáid sa seomra ranga nó sa bhaile ar do luas féin. Is aip idirghníomhach í a thugann aiseolas. Tá scrúdú ag deireadh gach roinn, áit a bhfaighidh tú cur síos agus míniú ar do fhreagraí.

Seo í an chéad aip mar seo, le os cionn 1000 ceacht gur féidir a úsáid i meánscoileanna agus bunscoileanna nó sa bhaile. Tá oll-scrúdú ag an deireadh ar fad le 50 ceist. Tá an aip seo dírithe ar éinne a bhfuil suim acu i nGramadach na Gaeilge chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Tá roinn ar leith le nathanna cainte agus seanfhocail a chabhróidh le saibhreas na Gaeilge. Is trí mheán na Gaeilge ar fad atá an aip seo seachas na rialacha a bhaineann léi. ‘Sé an sprioc is mó atá aici ná go dtabharfaidh sí an Ghaeilge isteach i ngach tigh sa tír agus thar lear! Cabhróidh sí le muintir Gaeltachta le cursaí gramadaí agus cuirfidh sí iad ag caint faoi chruinneas!

Tá an aip forbartha ag Áine McGillycuddy. Is  múinteoir í le breis is 13 bliana anuas i gColáiste Ráithín, scoil lán gaelach i mBré. Tá Gaeilge agus Gnó á mhúineadh aici ón gcéad bhliain suas go dtí na hArdteiste. Tá ‘Irish Grammar- Gramadach na Gaeilge’ ar uimhir 1 sa roinn oideachais ar iTunes ón uair gur tháinig sí amach.  Tá céim onóracha ag Áine sa Ghaeilge agus Eacnamaíocht, iarchéim san Oideachas chomh maith le Máistéireacht san Oideachas ó Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath.