Méid an Téacs

Is rud dodhéanta é forbairt scoileanna a idirscaradh ón chóir iompair a thabharfaidh chun na scoileanna iad

Meitheamh 27, 2014

Tugann Comhairle na Gaelscolaíochta tacaíocht do Thuistí an Tuaiscirt

Inniú, tá tacaíocht tugtha ó Chomhairle na Gaelscolaíochta chuig feachtas Tuistí an Tuaiscirt, feachtas atá ag obair chun bus a sholáthar idir Tuaisceart Bhéal Feirste agus Coláiste Feirste.

Deir Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, an Dr. Micheál Ó Duibh:

“Ba mhaith linn an obair chrua atá á dhéanamh ag tuismitheoirí, scoláirí agus an pobal áitiúil i dtuaisceart Bhéal Feirste ar leas an fheachtais seo a mholadh. Léirionn na h-iarrachtaí atá déanta acu an gá atá ann do sholáthar taistil cuí a bheith ar fáil sa cheantar sin do scoláirí Choláiste Feirste ar bhonn láithreach. Iarrann muid ar an Roinn Oideachais inniú aitheantas a thabhairt don éileamh mór atá i dtuaisceart Bhéal Feirste le socruithe taistil a sholáthar mar is ceart agus chun aird a thabhairt ar bhuarthaí na dtuismitheoirí seo a luaithe agus is féidir.

Pléadh cúrsaí taistil i dtaca le gaeloideachas san Ard Chuirt i 2011 (Coláiste Feirste v Department of Education (2011) NIQB). Sa bhreithiúnas seo, duirt An Breitheamh Treacy:

“the provision of transport facilities to schools in any sector is critical to the development of that sector and the provision of genuine parental choice… it is not possible to divorce the development of schools from the means by which students are going to get to them.” Justice Treacy, Coláiste Feirste v Department of Education (2011)

Bunaíodh an cinneadh a bhí déanta ag An Breitheamh Treacy ar an dualgas dleathach atá curtha ar an Roinn Oideachais i 1998 le gaeloideachas ‘a spreagadh agus a eascú’, agus dúirt an breithiúnas nach rud mianaidhme a bhí i gceist leis seo ach rud a bheadh iarmhairtí praicticiúla agus brí reachtúla aige. Mar sin, tá dualgas soiléir dleathach ar an Roinn Oideachais le socruithe taistil cuí a sholáthar do scoláirí Choláiste Feirste as tuaisceart Bhéal Feirste.

Is mian le Comhairle na Gaelscolaíochta an oiread tacaíochta agus is féidir linn a thabhairt d’fheachtas Thuistí an Tuaiscirt i dtreo thoradh dearfach ar éileamh na dtuistí i dtuaisceart na Cathrach.

www.comhairle.org.