Méid an Téacs

Lá Dearg i mBéal Feirste

Márta 3, 2014

Ag leanúint ó ‘Lá Mór na Gaeilge’ i mBaile Átha Cliath agus léirsiú ‘Slán le Seán’ i gConamara, tá beartaithe ‘Lá Dearg’ a eagrú ó thuaidh ar an Satharn, 12 Aibreán, i mBéal Feirste.

Shiúil suas go 10,000 duine ó cheann ceann na tíre, thuaidh agus theas, ar shráideanna Bhaile Átha Cliath coicís ó shin chun a gcearta teanga agus comhionannas don Ghaeilge a éileamh.

Tús feachtais a tugadh ar ‘Lá Mór na Gaeilge’ agus is cinnte go bhfuil dlús curtha leis an ngluaiseacht ó shin leis an léirsiú a reáchtáladh sa Spidéal an tseachtain seo caite, agus an mórshiúil a bheas ar siúl mí Aibreán.

Deir eagraithe An Lá Dearg á eagrú “chun Cearta, Cothromas agus Cóir a bhaint amach don Ghaeilge agus dá lucht labhartha”.

I mí Eanáir, chinn tuairisc de chuid Choiste na Saineolaithe ar Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh go bhfuil bac ar an nGaeilge ó thuaidh. Thuairiscigh an Coiste Saineolaithe go maireann dearcadh naimhdeach i leith na Gaeilge i Stormont agus cé gur moladh i dtuairisc dheiridh an Choiste i 2009 go gcuirfí polasaí cuimsitheach Gaeilge i bhfeidhm, tuairiscíodh nár glacadh céim ar bith i dtreo bheartais ó shin agus gur ábhar thar a bheith conspóideach é fós cur chun cinn na Gaeilge sna sé chontae.

Tá lucht an fheachtais ag éileamh ar Thionól Thuaisceart Éireann:

  • Acht Gaeilge cuimsitheach ceart-bhunaithe a achtú ó thuaidh
  • Go gcomhlíonann an Stát ó thuaidh a ndualgas reachtúil le go bhforbrófar Córas Gaeloideachais Cuimsitheach
  • Go gcuirfear acmhainní cuí ar fáil d’fhorbairt Phobal na Gaeilge

Ag labhairt thar cheann an Grúpa Oibre Feachtasaíochta, dúirt Caoimhe Ní Chatháil, “Creideann muid go láidir go gcaithfear an deis agus an ceart a thabhairt do na daoine a roghnaíonn an Ghaeilge í a úsáid. Beidh cruinnithe poiblí ar fud an oileáin chun tacaíocht a mhealladh don mhórshiúil seo agus tá muid ag iarraidh teachtaireacht diongbháilte, láidir a thabhairt do na hÚdaráis”.

“Iarrann muid ar Phobail na hÉireann, áitiúla agus ar fud an oileáin seasamh linn don LÁ DEARG. Tá fáilte roimh gach saoránach a chreideann i dtodhchaí na Gaeilge agus i gcearta daonna i gcoitinne”.

Fágfaidh an mórshiúil, Cultúrlann McAdam Ó Fiach ar an Satharn 12 Aibreán 2pm le dul chuig Cearnóg Theach an Chustaim, i lár na Cathrach i mBéal Feirste.

Foilsithe ar Gaelport.com