Méid an Téacs

Lá Spraoi le Coláiste na bhFiann

Lúnasa 10, 2012

Cuirfear fáilte roimh chách chuig ionad nua Choláiste na bhFiann Dé Luain seo chugainn, an 13 Lúnasa, áit a reáchtálfar lá spraoi agus siamsaíochta i gCo. Na Mí.

Lá don Ghaeilge agus don spraoi a bheidh ann agus tabharfar deis do dhaltaí, dá muintireacha, agus don phobal, ceanncheathrú nua na heagraíochta a fheiceáil. Tá an t-ionad óige nua lonnaithe in sean-ionad Ghairneoireacht Bhaile an Bhairínigh, áit a bhfuil garraithe, áiseanna spóirt agus an t-uafás spáis ar fáil do na daltaí a mbeidh ag glacadh páirte i gcúrsaí Choláiste na bhFiann sna blianta romhainn. Beidh an t-ionad nua á úsáid ag breis is 750 daltaí bunscoile agus meánscoile le linn an tsamhraidh agus freastalóidh na céadta eile ar chúrsaí de chuid Choláiste na bhFiann in áiteanna éagsúla ar fud na tíre. Beidh 600 daltaí reatha ó na coláistí éagsúla i láthair le taispeántais cheoil, rince agus drámaíochta a chur ar siúl.  Léireoidh taispeántais na ndaltaí rath Choláiste na bhFiann agus iad ag iarraidh an Ghaeilge a spreagadh i ngnáthshaol na ndaltaí.  Tabharfaidh an lá spraoi an deis don phobal an gnáth lá a bhíonn ag dalta Choláiste na bhFiann a bhlaiseadh agus an spraoi a bhaineann leis a shú isteach don lá iomlán agus feicfear cé chomh héasca is atá sé sult a bhaint as an teanga. Beidh Uachtarán an CLG, Liam Ó Néill i láthair ar an lá le ceiliúradh a dhéanamh ar thionchar na heagraíochta ar aos óg na Gaeilge le breis is 40 bliain anuas, idir na coláistí samhraidh agus na clubanna óige seachtainiúla a reáchtáiltear mar chuid de Chumann na bhFiann. Beidh cluichí agus BBQ ar siúl mar aon le siamsaíocht do pháistí agus céilí mór ag deireadh an lae. Cuirfear fáilte roimh chách chuig an Lá Spraoi a thosóidh ag 4.00 i.n. agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí 8.00 i.n. Is féidir gach eolas a fháil ó Cháit i nDroim Rí:  01-8259342 nó eolas@colaistenabhfiann.ie.