Méid an Téacs

Léirigh do nasc leis an nGaeilge – Caith Fáinne

Feabhra 4, 2014

Anois teacht an earraigh, is gearr go mbeidh Seachtain na Gaeilge 2014 buailte linn

Eagraítear scoth na n-imeachtaí timpeall na tíre agus go hidirnáisiúnta mar chuid den fhéile bhliantúil ag a dtugtar deis do gach uile dhuine a gcúpla focal a chleachtadh, in ainneoin an chaighdeáin Ghaeilge acu. Beidh Seachtain na Gaeilge 2014 ar siúl ó 1-17 Márta agus bealach amháin le do chuid Gaeilge a léiriú do dhaoine le linn na féile agus amach anseo ná Fáinne a chaitheamh.

Is siombail é An Fáinne ar do nasc féin leis an nGaeilge. Caitear An Fáinne mar chomhartha go bhfuil Gaeilge agat agus go bhfuil tú toilteanach í a labhairt.

Is fiú do mhúinteoirí Gaeilge machnamh a dhéanamh ar ghlacadh le Scéim An Fháinne, chun iad a bhronnadh ar dhaltaí, agus sprioc a thabhairt don rang ar fad le baint amach le linn na bliana.

Roghnaigh An Fáinne a oireann don leibhéal cumais atá agat nó ad do dhaltaí:

Léiríonn an Fáinne Óir agus an Seanfháinne go bhfuil líofacht sa Ghaeilge agat

Is do dhaoine le cumas bunúsach sa Ghaeilge atá an Fáinne Airgid.

Tá suaitheantas den teideal ‘Cúpla Focal’ ar fáil dóibh siúd ar bheagán Gaeilge atá bródúil as an gcúpla focal atá acu.

•Fáinne Óir € 5.50
•Fáinne Airgid € 4.00
•Seanfháinne € 7.00
•Cúpla Focal € 4.00

Is í Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge atá i mbun dháileacháin An Fáinne, suaitheantas na Gaeilge, ó 1965.

Is féidir An Fáinne a cheannach ag an siopa ar líne www.fainne.ie agus tá lascaine 10% ar orduithe de 25 nó níos mó suaitheantas ar bith.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin An Fáinne www.fainne.ie.

Foilsithe ar Gaelport.com