Méid an Téacs

Líonra Réigiúnach: Cruinnithe i mBaile Átha Cliath, Corcaigh agus Gaillimh

Nollaig 14, 2011

Tá Gaelscoileanna Teo. ag obair le gréasán tacaíochta a spreagadh idir scoileanna, le go mbeidh deiseanna rialta ag pobail na scoile saineolas agus taithí a roinnt ar a chéile, dúshláin a phlé agus obair i dteannta a chéile. Chuige sin, tá an tír roinnte i 16 réigiúin againn agus táimid i mbun cruinnithe a eagrú i ngach ceann acu siúd. Tugtar cuireadh do phobail na scoileanna áitiúla teacht agus bualadh le chéile i dteannta le hionadaí ón eagraíocht. Tá na cruinnithe ar oscailt do phobal uile na scoileanna; foireann, Boird Bainistíochta, tuismitheoirí agus coistí bunaithe lonnaithe sa cheantar.

An leagan amach a bhíonn ar na cruinnithe de ghnáth ná seisiún eolais ar an earnáil agus eolas ar na seirbhísí a chuireann Gaelscoileanna Teo. ar fáil do na scoileanna chomh maith le cur síos a dhéanamh ar chur chuige an líonra. D’fhéadfadh go mbeadh aoi-chainteoir i láthair chomh maith. Ba mhian linn rannpháirtíocht a ardú in ngnó na heagraíochta le go mbeidh sé ar ár gcumas freastal níos fearr a dhéanamh ar mhianta agus ar riachtanais na scoileanna.

Se0 thíos sonraí na gcruinnithe atá beartaithe sa chéad cúpla mí romhainn:

Beidh cruinniú do na scoileanna in Iarthar Átha Cliath ar an 25 Eanáir in Óstán Bewleys, Crois an Fhearainn Nua ag 4pm. Na scoileanna atá i gceist ná: Gaelscoil Naomh Pádraig, Scoil Chaitlín Maude, Coláiste Cois Life, Gaelscoil Eiscir Riada, Gaelscoil Chluain Dolcáin, Gaelscoil na Camóige, Coláiste Chilliain, Scoil Chrónáin, Gaelscoil Inse Chór, Scoil Santain, Coláiste de hÍde, Coiste bunaithe Gaelscoil Oisín.

Beidh cruinniú do na scoileanna i gcathair, oirthear agus tuaisceart Chorcaí ar an 1 Feabhra sa Clarion, Cé an Lapaigh ag 4pm. Na scoileanna atá i gceist ná: Gaelscoil Charraig Uí Leighin, Coiste bunaithe Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin, Gaelscoil Uí Éigeartaigh, Gaelscoil Mhachan, Gaelscoil na Dúglaise, Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa, Coláiste Dáibhéid, Gaelscoil Uí Drisceoil, Coláiste an Phiarsaigh, Gaelscoil an Ghoirt Álainn, Scoil na nÓg, Gaelscoil Pheig Sayers, Gaelcholáiste Mhuire, Gaelscoil de hÍde, Gaelscoil Thomáis Dáibhís, Gaelscoil Choráin, Gaelscoil na Tríonóide i gColáiste Phobail na Tríonóide, Gaelscoil Mhainistir na Corann.

Beidh cruinniú do na scoileanna i nGaillimh sa Maldron, Órán Mór ar an 1 Márta ag 4pm. Na scoileanna atá i gceist ná: Gaelscoil Iarfhlatha, Scoil Uí Cheithearnaigh, Gaelscoil Riada, Coláiste an Eachréidh, Gaelscoil Riabhach, Gaelscoil de hÍde, Gaillimh, Gaelscoil na bhFilí, Gaelscoil Dara, Scoil Fhursa, Scoil Iognáid, Coláiste Iognáid, Gaelscoil Mhic Amhlaigh, Coláiste na Coiribe.

Tuilleadh eolais: cspainneach@gaelscoileanna.ie nó 01 8535193.