Méid an Téacs

Maolú na Gaeilge san AE

Samhain 26, 2013

Tá iarrtha ar an gCoiste Rialtais ar an nGaeilge agus an Ghaeltacht go n-iarrfaí go hoifigiúil deireadh a chuir leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach

Áirítear an Ghaeilge i measc 24 teanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais ó bhí 2007 ann ach cuireadh maolú ar an stádas sin go dtí 2012, agus arís go dtí 1 Eanáir 2017, rud a chiallaíonn nach bhfuil de dhualgas ar institiúidí an AE gach cáipéis a aistriú go Gaeilge.

Le blianta anuas, tá Institiúidí éagsúla an AE cáinte ag lucht na Gaeilge as an mí-úsáid a bhaintear as an maolú stádais i leith cháipéisíocht a aistriú cé gur le dlíthe amháin a bhaineann sé. Tar éis don Ombudsman Eorpach gearán i gcoinne Pharlaimint na hEorpa a rinne an Dr Pádraig Ó Laighin a fhiosrú, chinn sé i mí Lúnasa na bliana seo gur chás drochriaracháin a bhí i dteip Pharlaimint na hEorpa a láithreán gréasáin a chur ar fáil i nGaeilge.

Dúirt Conradh na Gaeilge go gcruthófaí os cionn 180 post ach deireadh a chur leis an maolú agus gur ghá don Rialtas cinneadh a ghlacadh i leith na ceiste seo in am d’fheachtas earcaíochta an AE.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur “Glacadh leis an Máltais mar theanga oifigiúil i 2004 agus d’éirigh leo fáil réidh leis an maolú a bhain leis an teanga sin taobh istigh de thrí bliana. Baineadh é seo amach trí chonarthaí sealadacha a thabhairt do go leor saineolaithe Máltaise chun deis a thabhairt dóibh an Fhraincis a thabhairt leo agus iad ag obair thall, ós rud é go bhfuil an tríú teanga riachtanach le go bhfaighfeá post buan mar shaineolaí teanga, agus d’fhéadfaí amhlaidh a chur i gcrích don Ghaeilge”.

Táthar ag éileamh go gcuirfí deireadh leis an maolú go luath agus go reáchtálfaí sraith comórtas earcaíochta do phoist bhuana agus do phoist ar chonarthaí sealadacha leis an AE sna blianta 2014, 2015, 2016 agus 2017.

©Foilsithe ar Gaelport.com 25 Samhain 2013