Méid an Téacs

Meabhrúchán: Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge ag tosú Dé Sathairn, 27 Meán Fómhair

Meán Fómhair 25, 2014

Meabhrúchán is ea é seo le cur i gcuimhne duit go gcuirfear tús leis an gcéad Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge eile Dé Sathairn na seachtaine seo, 27 Meán Fómhair 2014.

Tá an cúrsa páirtaimseartha seo dírithe orthu siúd ar mian leo iarratas a chur isteach ar chúrsa iarchéime Gaeilge – an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, cuir i gcás – ach a mheasann nach bhfuil an caighdeán cuí bainte amach acu. Tá sé oiriúnach chomh maith do dhaoine a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge ar bhonn laethúil – iriseoirí, státseirbhísigh, múinteoirí agus aistritheoirí, mar shampla – ar mian leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna scríofa Gaeilge.

Díreofar sa dianchúrsa ar chruinneas gramadaí, ar chúrsaí stíle agus ar an aistriúchán. Cuirfear béim chomh maith ar na háiseanna teicneolaíochta atá ar fáil sa Ghaeilge, cinn ar líne ina measc.

Is bealach iontach é an dianchúrsa le hullmhúchán a dhéanamh do scrúdú iontrála an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, agus glacfar le scrúdú ceannchúrsa an dianchúrsa mar scrúdú iontrála don dioplóma iarchéime sin.

Téigh go dtí www.gaelchultur.com leis an gcúrsa a chur in áirithe.