Méid an Téacs

Meánscoil Garman, Inis Córthidh buacach ag Comórtas Craobh Tráth na gCeist Feachtas.

Márta 7, 2016

Is í Meánscoil Gharman, Inis Córthidh,Loch Garman, buaiteoirí náisiúnta ar Chraobh Comórtas Tráth na gCeist Feachtas.

Is í Meánscoil na mBráithre Críostaí Chill Chainnigh a tháinig sa dhara áit.

Le sé mhí anuas, ghlac beagnach míle daltaí méanscoile mar chuid d’fhoirne ceathrar páirt i gcraobhacha réigiúnacha ó bhí Méan Fómhar ann.

24 scoil a bhí páirteach i mbabhta ceannais an chomórtais in Óstan Ashling, Baile Átha Cliath inniu. Beagnach 100 déagóirí a bhí rannpháirteach i dTráth na gCeist an lae inniu.

Bronnadh duaischiste €1,000 don chomórtas.   Bronnadh €600 ar an fhoireann bhuacach Meánscoil Gharman,Bill Breathnach,Aaron Jackman, Jack Ó Ciuirc, agus Liam Ó Lionáin agus €400 ar fhoireann CBS Chill Chainnigh, Jack Gargan, Mark Kenny, Kevin Barrett, agus Ultan Conroy.

“Beagnach 1,000 déagóir ó mhéanscoileanna Béarla agus Gaelcholáistí  na tíre a bhí páirteach i mbabhtaí an chomórtais i mbliana, a réachtlaíodh go híomlán trí Ghaeilge. Tá muid iontach sásta leis an rath a bhí ar chomórtas na bliana seo agus is léiriú é fosta ar an éileamh atá ann dá leithéid i measc déagóirí óga ar spéis leo an Ghaeilge agus iad ag teacht tríd an chóras oideachais,” arsa Loretta Ní Churraighín, bainisteoir Feachtas. “Is é an aidhm atá ag Feachtas ná chun deiseanna a thabhairt do dhaoine óga a gcuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh den seomra ranga, agus ghlac gach foireann páirt sna réamhbhabhtaí de lasmuigh den am scoile.”

“Tá comórtas Tráth na gCeist Feachtas mar chuid lárnach d’obair Feachtas ó bunaíodh é in 1980 agus é mar aidhm seans a thabhairt do dhaoine sna méanscoileanna atá ag foghlaim Gaeilge, an teanga a úsáid taobh amuigh den seomra ranga, ag ócáid thaitneamhach agus bíonn duaiseanna iontacha do na buaiteoirí agus bíonn an spraoi ag na hiomaitheoirí ar fad,” a dúirt Pádraigín Nic Ghearailt, Cathaoirleach Feachtas.